Disability Toll Exemption Scheme

Cad é an scéim?

Bhunaigh BIÉ an Scéim Díolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas in 2019 lena ligean do gach Feithicil a Bunathraíodh do Dhaoine faoi Mhíchumas a bheith díolmhaithe ó mhuirir dhola a íoc ar bhóithre dola na hÉireann. Ó Fheabhra 2020, ní bheidh muirir dhola le híoc d’fheithicil an DTES ag aon dola-phlás ar fud na tíre.

An bealach a oibríonn sé.

I gcás feithiclí a cháilíonn don scéim, cuirfear diosca ar fáil atá le greamú ar ghaothscáth na feithicle ar thaobh an tiománaí. Nuair a stopann tú i ndola-phlás, déanfaidh oibreoir botha an diosca a dheimhniú. Tabharfar díolúine do chláruimhir na feithicle ar bhóthar dola gan bhacainn an M50 ó dholaí a íoc, mar sin, ní ghearrtar aon mhuirir ná pionóis dola ar an bhfeithicil chláraithe.

Seo treoir ghearr maidir leis an méid ar cheart dúit súil a bheith leis ag dola-phlás.

Conas a chláraím?

Tá sé thar a bheith éasca chun d’fheithicil a chlárú don scéim tríd an bhfoirm iarratais thíos a líonadh. A luaithe a rinneadh d’fheithicil a dheimhniú agus a fhaomhadh, eiseoimid do dhiosca duit. Seolfar an diosca chuig an seoladh poist a thugann tú laistigh de 3 lá oibre. Beidh an diosca bailí ar feadh dhá bhliain ó dháta an chláraithe.

Cáilitheacht don scéim

Má tá feithicil dheimhnithe a bunathraíodh do dhaoine faoi mhíchumas ag an tiománaí, tá sé/sí incháilitheacht don scéim.

Rialacha na Sceíme

Beidh an diosca seasmhach ar feadh dhá bhliain, foilseófar diosca nua tar eís an treimhse ama seo. Ní mór don diosca seo a bhieth sa feithicil cláraithe I gcónaí.

Sonraí an oibreora

Deantar an DTES ar son Easytrip na hEireann. Tá Easytrip ag obair sa mhargadh caín bhealaigh ar feadh cuígbhliain deag anuas agus cuirfear seirbhísí agus oibríorchtaí den scot har fail do chustaimeoirí an DTES.

Naisc Áisiúla

Ní cháileofar ach feithiclí a bunathraíodh do dhaoine faoi mhíchumas atá cláraithe.

Transport Infrastructure Ireland
eToll
Disabled Drivers Association of Ireland
Irish Wheelchair Association