Tugtar cuntas sna céimeanna seo a leanas ar na treoirlínte diana atá ann maidir le do dhiosca nua míchumais a ghreamú de ghaothscáth d’fheithicle. Bain an diosca ón leathanach A4 tríd an diosca a stróiceadh as an leathanach feadh na dtaobhanna pollta. Cinntigh go bhfuil an áit ar do ghaothscáth a bhfuil tú chun an diosca a ghreamú de glan. Sula mbaineann tú an scannán greamaitheach, cuir an diosca san áit ar an ngaothscáth ar thaobh an tiománaí ar mian leat é a ghreamú de lena chinntiú go bhfuil dóthain spáis ann dó agus nach gcuirfidh sé isteach ar aon infheictheacht. A luaithe a bhíonn tú sásta leis an áit a bhfuil sé, bain an scannán greamaitheach agus greamaigh an diosca den ghaothscáth agus an taobh daite ag féachaint amach. Ba cheart go mbeadh an teagmháil taobh istigh ag féachaint i dtreo an tiománaí. Sin a bhfuil, tá an beart déanta. Cuimhnigh, le do thoil, má bhaintear diosca ón ngaothscáth, tá sé neamhbhailí go huathoibríoch. Do Dhiosca a Úsáid
Céim 1
Céim 2
Céim 3
Céim 4
Céim 5