Dearbhú Fianán
Conas is féidir liom roghnú cén fianáin a shocraítear?
Nuair a thugann tú cuairt ar ár láithreán gréasáin den chéad uair tugtar rogha duit na fianáin go léir a ligean le bheith socraithe, nó is féidir do rogha de shocruithe fianán a bhainistiú lena dtugtar an rogha duit na catagóirí fianán a theastaíonn uait a cheadú.
Conas is féidir liom na fianáin a shocraítear a leasú?

Is comhad beag téacs é fianán a d’fhéadfaí a stóráil ar do ríomhaire nó ar do ghléas soghluaiste ina bhfuil sonraí a bhaineann le suíomh Gréasáin a dtugann tú cuairt air. D’fhéadfadh go gceadódh sé do shuíomh Gréasáin “cuimhneamh” ar do ghníomhartha nó roghanna thar thréimhse ama, nó d’fhéadfadh go mbeadh sonraí ann a bhaineann le feidhm nó le seachadadh an tsuímh. Is féidir le húinéir an tsuímh Ghréasáin fianáin a shocrú nó i gcásanna áirithe trí sheirbhísí tríú páirtí a cheadaíonn úinéir an tsuímh Ghréasáin faisnéis eile a chur i láthair, inneachar a rith nó feidhmiúlacht eile a sholáthar mar anailísíocht.

Na socrúcháin ar do bhrabhsálaí a leasú
Is féidir na socruithe ar an mbrabhsálaí gréasáin atá á úsáid agat a athrú freisin chun glacadh nó chun diúltú le gach uile fhianán, nó le fianán áirithe. Is féidir le cuairteoirí ar ár láithreán gréasáin an chuid is mó de a úsáid gan aon fheidhmiúlacht a chailliúint má tá fianáin díchumasaithe ar an mbrabhsálaí gréasáin. Mar sin féin, má roghnaíonn tú fianáin riachtanacha a dhiúltú féadfar nach mbeifear in ann seirbhísí áirithe a úsáid nó rochtain a fháil orthu. Chun teacht ar threoracha ar conas fianáin a bhainistiú agus a dhíchumasú, féach na cáipéisí maidir leis an bpríobháideacht agus cúnamh ar láithreán gréasáin an bhrabhsálaí ar leith atá á úsáid agat. Má úsáideann tú níos mó gléasanna agus/nó brabhsálaithe, beidh ort na fianáin a dhíchumasú ar gach gléas ar leith agus ar gach brabhsálaí ar leith.
Faigh amach conas bainistíocht a dhéanamh ar fhianáin agus conas iad a dhíchumasú ar na brabhsálaí is coitianta

Ag seo, thíos, naisc le roinnt de na brabhsálaithe is coitianta a n-úsáidtear chun eolas a fháil faoi conas rochtain a fháil ar na fianáin agus conas iad a dhíchumasú.

• Google Chrome
• Microsoft Internet Explorer
• Mozilla Firefox
• Apple Safari
• Opera

Teagmháil

Má tá aon cheist agat maidir leis an úsáid a bhainimid as do chuid sonraí pearsanta, téigh i dteagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí:

A. O’Shaughnessy,
Bonneagar Iompair Éireann,
Lárionad Gnó Gheata na Páirce,
Sráid Gheata na Páirce,
Baile Átha Cliath 8.
D08 DK10.
Fón: +353 1646 3600
R-phost: dataprotection@tii.ie