Téarmaí agus Coinníollacha
Réamhrá

Leagtar amach sna téarmaí agus coinníollacha seo (“na Téarmaí”) an comhaontú iomlán idir tú féin agus an tÚdarás maidir le diosca a eisiúint, a thaispeáint agus a úsáid atá le greamú de ghaothscáth d’Fheithicle Cláraithe maidir leis an úsáid a bhaineann tú as Bóithre Dola agus an bonn ar ar féidir an diosca sin a úsáid. Ar mhaithe le cuspóirí na dTéarmaí seo: Ciallaíonn “Reachtaíocht Infheidhme” alt 92, an tAcht Airgeadais, 1989 chomh maith leis na Rialacháin um Thiománaithe agus Paisinéirí Míchumasaithe (Lamháltais Chánach), 1989 (I.R. 340/1989) agus na Rialacháin um Thiománaithe agus Paisinéirí Míchumasaithe (Lamháltais Chánach) (Leasú) (I.R. 634/2015), i ngach cás arna leasú, arna n-ionadú nó arna gcur leis ó thráth go chéile; Ciallaíonn “Údarás” an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta (a dtugtar Bonneagar Iompair Éireann air, seachas sin);

Ciallaíonn “Dlíthe um Chosaint Sonraí” dlíthe infheidhme um chosaint sonraí, Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí an AE Rialachán (AE) 2016/679) agus an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018 agus aon reachtaíocht ina measc a leasaíonn, a shíneann, a chomhdhlúthaíonn, a athachtaíonn nó a chuirtear in ionad an chéanna, aon ionstraimí reachtúla agus rialacháin san áireamh is féidir a dhéanamh dá bhun ó thráth go chéile;

Ciallaíonn “Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumais” diosca atá le greamú de ghaothscáth d’Fheithicle Cláraithe maidir leis an úsáid a bhaineann tú as Bóithre Dola a eisíonn an tOibreoir Dioscaí Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas
do:
(a) daoine (nó comhlachtaí) ar cháiligh a bhfeithiclí faoi Scéim Faoisimh Cánach na gCoimisinéirí Ioncaim do Thiománaithe agus Paisinéirí faoi Mhíchumas, aon athnuachan ina measc a dhéantar ar an diosca sin i gcomhréir le mír 9 thíos; nó
(b) duine faoi mhíchumas ar chuir Cuideachta Dhola cárta nó fianaise eile ar fáil dóibh roimhe seo a shonraíonn nach gá don duine faoi mhíchumas Dolaí a íoc maidir leis an úsáid a bhaineann sé nó sí as Bóthar Dola Cuideachta

Dhola;Ciallaíonn “Oibreoir Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas” an duine atá údaraithe ag an Údarás, ó thráth go chéile, maidir le Dioscaí Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas a eisiúint, a bhainistiú agus a oibriú;
Ciallaíonn “Feithicil Chláraithe”:

(a) i gcás Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas a shonraítear i mír (a) den sainmhíniú ar “Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas”, an fheithicil a sainoiriúnaíodh, chun críocha na Reachtaíochta Infheidhme, a chláraíomar mar d’fheithicil shainoiriúnaithe; nó

(a) i gcás Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas a shonraítear i mír (b) den sainmhíniú ar “Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas”, an fheithicil a chláraíomar duit; Ciallaíonn “Dola” aon Dola atá iníoctha ag duine chun Bóthar Dola a úsáid a ríomhtar trí thagairt a dhéanamh d’aicme na feithicle a mheabhraítear sa reachtaíocht ábhartha agus sna fodhlíthe infheidhme; Ciallaíonn “Bóthar Dola” aon bhóthar (nó stráice de bhóthar) a bhfuil Dola le híoc maidir leis an úsáid a bhaintear as i gcomhréir le hAcht na mBóithre, 1993; agus Ciallaíonn “Cuideachta Dhola” gach oibreoir Bóthar Dola sa Stát a ghlacann páirt i scéim an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas.

An Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas – Téarmaí agus Coinníollacha Dréacht / Obair idir Lámha: An 23 Deireadh Fómhair 201

Téarmaí an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas
  1. Eisítear an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas duit ar an mbunús seo a leanas:
    (a) cláraítear d’Fheithicil Chláraithe faoi Scéim Faoisimh Canach do Thiománaithe agus Paisinéirí faoi Mhíchumas na gCoimisinéirí Ioncaim;
    nó;
    (b) chuir Cuideachta Dhola cárta nó fianaise eile ar fáil duit roimhe seo nach bhfuil éagtha go fóill, a shonraíonn nach gá duit Dolaí a íoc maidir leis an úsáid a bhaineann tú as Bóthar Dola Cuideachta Dhola. Tiocfaidh an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas in ionad aon chárta nó fianaise eile a chuir Cuideachta Dhola ar fáil duit roimhe seo agus ní aithneoidh Cuideachtaí Dola an cárta sin nó fianaise eile a thuilleadh dá bharr.
  2. Beidh an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas bailí lena úsáid do pé tréimhse is giorra de na tréimhsí seo a leanas:
    (a) tréimhse of dhá (2) bhliain ón dáta a thaispeántar ar an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas;
    (b) an tréimhse dá cláraíodh an Fheithicil Chláraithe mar d’fheithicil shainoiriúnaithe;
    (c) an tréimhse dar críoch nuair a dhéantar do cheart chun an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas a úsáid a chur ar fionraí nó a chealú i gcomhréir le mír 10 thíos; nó
    (d) an tréimhse dar críoch an dáta nuair a bhíonn éifeacht le haon fhoirceannadh ar scéim an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas i gcomhréir le mír 19 thíos; nó(a) i gcás Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas a shonraítear i mír (b) den sainmhíniú ar“Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas”, tréimhse neamhéagtha an chárta nó fianaise eile a chuir Cuideachta Dhola ar fáil duit roimhe seo
  3. Tá an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas le taispeáint do Chuideachta Dhola mar fhianaise i leith an mhéid seo a leanas:
    (a) feithicil a sainoiriúnadh atá i d’Fheithicil Chláraithe chun críocha na bhfodhlíthe agus d’fhéadfadh sé a bheith díolmhaithe, faoi réir na bhfodhlíthe, ó dhliteanas chun Dolaí a íoc ar an mBóthar Dola a oibríonn an Chuideachta Dhola nuair a bhíonn d’Fheithicil Chláraithe á tiomáint agat; nó (b) tá tú faoi mhíchumas agus d’fhéadfá a bheith díolmhaithe ó dhliteanas chun Dolaí a íoc ar an mBóthar Dola atá á oibriú ag an gCuideachta Dhola nuair a bhíonn d’Fheithicil Chláraithe á tiomáint agat ar Bhóthar Dola.
  4.  Ag gach tráth, baineann an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas le d’Fheithicil Chláraithe agus ní féidir é a aistriú chuig feithicil eile. Tá ort an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas a thabhairt ar ais láithreach don Oibreoir Dioscaí Díolúine má aistríonn tú d’Fheithicil Chláraithe agus/nó mura féidir leat d’Fheithicil Chláraithe a úsáid a thuilleadh.Ní bheidh éifeacht ag do Dhiosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas nuair a aistríonn tú d’Fheithicil Chláraithe.
  5. Tabhair faoi deara, le do thoil, a luaithe a dhéantar do Dhiosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumais a ghreamú de ghaothscáth d’Fheithicle Cláraithe, i gcomhréir leis na treoracha a ghabhann leis an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas, má dhéantar aon iarracht chun é a bhaint, déanfar díobháil dó nach féidir a dheisiú agus ní bheidh éifeacht aige a thuilleadh.
  6. Ní féidir leat breis agus Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas amháin a bheith agat. An Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas – Téarmaí agus Coinníollacha Dréacht / Obair idir Lámha: An 23 Deireadh Fómhair 2019
  7. Tá ort an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas a ghreamú den ghaothscáth agus leanúint le hé a thaispeáint ar thaobh an tiománaí de ghaothscáth tosaigh d’Fheithicle Cláraithe, i gcomhréir leis na treoracha a ghabhann leis an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas, nuair a thaistealaíonn tú ar aon Bhóthar Dola chun díolúine a éileamh ón Dola a íoc. Má theipeann ort an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas a ghreamú i gcomhréir leis na treoracha agus é a thaispeáint i gcomhréir leis na Téarmaí seo, b’fhéidir go mbeidh ort an Dola infheidhme a íoc.
  8. Is féidir leat an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas a úsáid a luaithe a fhaigheann tú an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas ón Oibreoir Dioscaí Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas.
  9. Is féidir Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas a shonraítear i mír (a) den sainmhíniú ar “Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas” a athnuachan sna trí (3) mhí sula mbeidh sé neamhbhailí agus i ndiaidh an fhoirm iarratais chuí a líonadh agus a sheoladh ar aghaidh, anuas ar aon cháipéisíocht tacaíochta a theastaíonn. Beidh éifeacht le haon athnuachan a dhéantar ar Dhiosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas ar dháta eisiúna an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas a rinneadh a athnuachan nó ar éag an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas reatha.Ní féidir Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas a shonraítear i mír (b) den sainmhíniú ar “Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas” a athnuachan ar a éag.
  10. Is féidir leis an Oibreoir Dioscaí Díolúine do Dhaoine Faoi Mhíchumas, dá rogha féin agus ag aon tráth, an ceart chun an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas a úsáid a chealú nó a chur ar fionraí nó a dhiúltú chun Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas a athnuachan nó a athsholáthar má tá cúis ag an Oibreoir Dioscaí Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas leis an méid seo a leanas a chreidiúint:(a) Úsáidtear an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas maidir le feithicil seachas d’Fheithicil Chláraithe ar eisíodh an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas di;
    (b) Athraíodh nó baineadh den Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas;
    (c) sháraigh tú na Téarmaí seo; nó
    (d) tá forais réasúnta ann leis sin a dhéanamh.Tá tú freagrach as na rioscaí go léir go mbainfear mí-úsáid agus úsáid neamhúdaraithe as an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas.Tabharfaidh an tOibreoir Dioscaí Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas fógra i scríbhinn duit go ndearnadh an Diosca Díolúine a chur ar fionraí nó a chealú agus iarrfaidh siad ort an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas a sheoladh ar ais chuig an Oibreoir Dioscaí Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas láithreach.Ní ghlacann an tOibreoir Dioscaí Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas ná an tÚdarás le haon dliteanas ná níl aon fhreagracht orthu as na hiarmhairtí díreacha nó indíreacha a eascraíonn as Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas a chur ar fionraí nó a chealú i gcomhréir leis na Téarmaí seo.
  11. Is leis an Údarás, agus is amhlaidh a bheidh, do Dhiosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas.
  12. Sa chás go ndéantar Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas a chailleadh, a ghoid nó go ndéantar díobháil dó, is féidir diosca eile a iarraidh ón Oibreoir Dioscaí Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas ag customerservice@dtes.ie An DTES, Teach EA, Bóthar Bhaile Dama, Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15. Tá an ceart ar cosaint ag an Oibreoir Dioscaí Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas chun eolas breise a iarraidh agus athbhreithniú a dhéanamh ar cibé acu ar cheart nó nár cheart Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas eile a eisiúint.
  13. Tá tú freagrach as fógra a thabhairt don Oibreoir Dioscaí Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas mura bhfuil tú incháilithe a thuilleadh chun úsáid a bhaint as an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas.
    An Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas – Téarmaí agus CoinníollachaDréacht / Obair idir Lámha: An 23 Deireadh Fómhair 2019
  14. Tá tú freagrach as bheith fíreannach agus ionraic maidir leis na sonraí a sholáthraíonn tú don Oibreoir Dioscaí Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas nó don Údarás. Tá tú freagrach as an Oibreoir Dioscaí Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas agus an tÚdarás a choimeád ar an eolas maidir le d‘eolas cothrom le dáta, do sheoladh, d’eolas teagmhála, eolas faoin bhfeithicil agus sonraí cláraithe san áireamh (más infheidhme).Ba cheart duit eolas nuashonraithe a thabhairt don Oibreoir Dioscaí Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas agus an tÚdarás, má athraíonn tú do sheoladh, mar shampla.
  15. Má bhíonn aon cheisteanna agat nó gearáin agat maidir le do Dhiosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas, tabhair sonraí, le do thoil, faoi do cheist nó do ghearán i scríbhinn don Oibreoir Dioscaí Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas ag customerservice@dtes.ie An DTES, Teach EA, Bóthar Bhaile Dama, Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15. Mura bhfuil tú sásta leis an toradh a bhí ar ghearán a rinneadh leis an Oibreoir Dioscaí Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas, is féidir leat an toradh seo a achomharc leis an Údarás. Seolfar aon ghearán chuig an Údarás i scríbhinn ag [iontráil seoladh ríomhphoist/poist] tráth nach déanaí ná [sé (6) mhí ón dáta a rinneadh an gearán tosaigh leis an Oibreoir Dioscaí Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas.
  16. Déanfaidh an tOibreoir Dioscaí Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas sonraí pearsanta a fhaighimid trí d’iarratas ar, agus trí úsáid a bhaint as, an Diosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas, a choimeád agus a úsáid i gcomhlíonadh na gceanglas dlíthiúil agus rialála infheidhme go léir, na Dlíthe um Chosaint Sonraí san áireamh.Leagtar amach sonraí faoi na sonraí pearsanta a bhailímid, na cuspóirí dá n-úsáidtear iad, na tríú páirtithe ar féidir iad a nochtadh dóibh agus conas is féidir leat do chearta a fheidhmiú maidir le do shonraí pearsanta inár Ráiteas um Chosaint Sonraí reatha, atá ar fáil ag www.dtes.ie
  17. Seachas nuair a leagtar amach go soiléir sna Téarmaí seo, a mhéid agus a cheadaítear faoin dlí, fágann an tÚdarás gach barántas, coinníoll, uiríoll, gealltanas, ráiteas, téarma agus foráil, bíodh siad sainráite nó intuigthe le reacht, bíodh dlí coiteann nó dlí eile i gceist leo, as an áireamh.Déanfar na Téarmaí seo a rialáil agus a léirthuiscint i gcomhréir le dlí na hÉireann agus beidh aon díospóidí a thagann aníos faoi na Téarmaí seo faoi réir dhlínse eisiach chúirteanna na hÉireann:
  18. Is féidir leis an Údarás na Téarmaí seo a mhionathrú, a leasú, nó a athrú ar bhealach eile ag aon tráth gan fógra roimh ré a thabhairt.Beidh feidhm ag gach Téarma leasaithe láithreach. Is fútsa atá sé athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na Téarmaí sa chás go ndéantar athruithe. Beidh cóip den leagan is déanaí de na Téarmaí seo ar fáil ag [iontráil an láithreán gréasáin].
  19. Is féidir leis an Údarás, ag aon tráth, deireadh a chur leis an scéim a bhaineann leis na Dioscaí Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas.
    Ní bheidh do Dhiosca Díolúine do Dhaoine faoi Mhíchumas bailí trí (3) mhí tar éis an dáta a thugann an tÚdarás fógra duit go bhfuil deireadh á chur aige leis an scéim nó na scéimeanna.
  20. Is féidir leis an Údarás fógraí a thabhairt maidir leis na Téarmaí seo trí fhógraí a fhoilsiú in dhá nuachtán laethúla a scaiptear sa Stát.
  21. Déanfar na Téarmaí seo a rialáil agus a thuiscint i gcomhréir le dlíthe na hÉireann.
 

LHME\33058037.6