Téarmaí Úsáide
IRéamhrá

Cinntigh, le do thoil sin, go léann tú (tagraítear duit mar ‘an t-úsáideoir’, ‘tú’ nó ‘do’) na téarmaí agus coinníollacha úsáide seo go cúramach mar gheall go rialaíonn siad an úsáid a bhaineann tú as agus an teacht a bhíonn agat ar láithreán gréasáin domhanda an DTES ag www.DTES.ie (an láithreán seo). Mura nglacann tú leis na téarmaí agus coinníollacha úsáide seo, ná húsáid an láithreán seo, le do thoil. 

Má leanann tú leis an láithreán seo a bhrabhsáil agus a úsáid, comhaontaíonn tú chun na téarmaí agus coinníollacha úsáide seo a chomhlíonadh agus a bheith faoi cheangal acu, a rialaíonn ár gcaidreamh leat maidir leis an láithreán seo, i dteannta ár ráitis phríobháideachais agus slándála.

Úinéireacht an Láithreáin

Tá an láithreán seo faoi úinéireacht Bhonneagar Iompair Éireann (a dtagraítear dó mar ‘Bonneagar Iompair Éireann’, ‘BIÉ’, ‘sinn’ nó ‘ár’), a n-áirítear leis an nath sin, chomh maith, sa chás go dteastaíonn ón gcomhthéacs, ár soláthraithe tríú páirtí agus aon pháirtí eile a bhfuil baint aige leis an Láithreán seo a sholáthar nó a chothabháil.

Oibriú an Láithreáin

Tá an Láithreán seo á rialáil agus á oibriú ag Easytrip Services Ireland thar ceann Bhonneagar Iompair Éireann. Cuirtear an t-ábhar a fheictear ar leathanaigh an Láithreáin seo (a dtagraítear dó mar eolas nó ábhair) ar fáil i gcomhréir le agus faoi réir dhlíthe na hÉireann. Má sháraíonn aon ábhar ar an Láithreán seo, nó an úsáid a bhaineann tú as an Láithreán seo, dlíthe na dlínse ina bhfuil tú suite, ní bheartaítear go mbaineann tú úsáid as an Láithreán seo agus iarrfaimid nach mbaineann tú úsáid as an Láithreán seo. Nuair a bhaineann tú úsáid as an láithreán seo, tá tú freagrach as dlíthe na dlínse ina bhfuil tú suite a chomhlíonadh agus comhaontaíonn tú chun gach dlí áitiúil a chomhlíonadh a bhaineann le hiompar ar líne agus ábhar inghlactha. 

Tá an ceart ar cosaint ag Bonneagar Iompair Éireann chun an teacht a bhíonn agat agus an úsáid a bhaineann tú as an Láithreán seo a chur ar fionraí nó deireadh a chur leis, aon ghnéithe san áireamh atá ar fáil ar an Láithreán seo, ag aon tráth, agus is féidir leis an ceart sin a fheidhmiú i ndiaidh nó gan fógra a thabhairt duit. Má thugtar fógra, tabharfar é trí ríomhphost a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist a sholáthar tú do Bhonneagar Iompair Éireann agus measfar go bhfuil an fógra sin tugtha dhá (2) uair an chloig i ndiaidh dúinn an fógra sin a thabhairt.

Eolas, Cuspóir agus Nuashonruithe an Láithreáin

Aithníonn tú agus comhaontaím leis nach gcuirtear an t-eolas atá ar an Láithreán seo ar fáil ach ar mhaithe le cuspóirí eolais ghinearálta amháin. Ní bheartaítear go rachaidh an t-eolas a chuimsítear ar an Láithreán seo i ngleic le do riachtanais ar leith, ná gurb ionann é agus aon tairiscint, promóisin, nó iarraidh ar Úsáideoirí chun aon táirgí nó seirbhísí a cheannach nó a dhíol. Ní dhéantar táirgí agus seirbhísí a dhíol ar an Láithreán seo ach i gcomhlíonadh dhlíthe na ndlínsí ar leith ina ndíoltar iad. 

Tá an ceart ar cosaint ag Bonneagar Iompair Éireann chun deireadh a chur leis an Láithreán seo, an t-eolas a chuirtear ar fáil ar leathanaigh an Láithreáin seo agus na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo nó iad a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí ag aon tráth gan fógra a thabhairt duit nó gan bheith faoi dhliteanas i do thaobh. Ba cheart duit athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo mar gheall go sonrófar iontu an dáta is déanaí a rinneadh iad a leasú. Má leanann tú leis an Láithreán seo a bhrabhsáil agus a úsáid i ndiaidh go ndearnadh athrú ar na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo, comhaontaíonn tú chun an leagan nuashonraithe de na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo a chomhlíonadh agus a bheith faoi cheangal acu.

Séanadh

Cé go ndeachaigh Bonneagar Iompair Éireann i mbun na mbeart réasúnta go léir le cruinneas, saolré, infhaighteacht, slándáil, cirte agus iomláine an eolais a chuimsítear ar an Láithreán seo a chinntiú, aithníonn tú agus comhaontaíonn leis go gcuirimid an t-eolas seo ar fáil ar bhonn ‘mar atá sé’, ‘gach locht san áireamh’ agus ‘mar atá fáil air’. Ní dhéanaimid aon uiríll ná barántais d’aon sórt, bíodh is go gcuirtear in iúl iad nó go dtugtar le fios iad, agus ní bheidh aon fhreagracht orainn as iomláine, cruinneas, iontaofacht, slándáil, oiriúnacht nó fáil (cur isteach ina measc ar an bhfáil a bhíonn orthu) maidir leis an Láithreán seo nó leis an eolas, na táirgí, na seirbhísí nó na grafaicí nó an t-ábhar gaolmhar a chuimsítear ar an Láithreán seo do chuspóir ar bith. Ar do phriacal féin, agus an priacal sin amháin, is ea brath ar bith a dhéanann tú ar an eolas sin, dá bharr. 

A mhéid agus a cheadaítear faoin dlí infheidhme, déanann Bonneagar Iompair Éireann gach agus aon uiríoll, barántas, coinníoll agus téarmaí d’aon sórt (seachas dualgais dea-intinne) a shéanadh agus a fhágáil as an áireamh, bíodh is go gcuirtear in iúl nó go dtugtar le fios iad, maidir leis an Láithreán seo nó leis an eolas a chuimsítear ar an Láithreán seo. Ní bheidh Bonneagar Iompair Éireann, i gcás ar bith, faoi dhliteanas as aon chaillteanas nó díobháil, bíodh caillteanas nó díobháil gan teorainn, speisialta, theagmhasach, indíreach nó iarmhartach i gceist leis, a eascraíonn ar bhealach ar bith as nó maidir leis an úsáid a bhaintear as nó an teacht a bhíonn ar an Láithreán seo, cibé acu má bhíonn nó mura mbíonn sé údaraithe, fiú má cuireadh Bonneagar Iompair Éireann ar an eolas go bhféadfadh an caillteanas nó an díobháil sin tarlú. 

Ní bheidh teorainn ar dhliteanas Bhonneagar Iompair Éireann maidir le caillteanas nó díobháil díreach, pé bealach a eascraíonn sé as nó maidir leis an úsáid a bhaintear as, nó an teacht a bhíonn ar, eolas ar an Láithreán seo, cibé acu má bhíonn nó mura mbíonn sé údaraithe, gan ach an t-eolas ábhartha a cheartú nó a athsholáthar ag Bonneagar Iompair Éireann. 

Má íoslódálann tú aon ábhar ón láithreán seo, déanann tú amhlaidh ar do rogha féin agus ar do phriacal féin. Is tú féin a bheidh freagrach, agus tú féin amháin, as aon chaillteanas nó díobháil, an méid seo a leanas ina measc agus gan teorainn air – caillteanas sonraí nó díobháil a mbíonn do ríomhchóras thíos leis mar gheall ar an ábhar sin a íoslódáil. Ní ghlacaimid le haon fhreagracht, agus ní bheimid faoi dhliteanas, as aon chaillteanas nó díobháil a dhéantar i ndiaidh ábhar a íoslódáil. 

Ní dhéanann rud ar bith sna TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo dliteanas Bhonneagar Iompair Éireann i dtaobh báis nó díobháil phearsanta a eisiamh nó a theorannú a eascraíonn as ár bhfaillí, nó aon dliteanas a eascraíonn as ár gcalaois, míléirithe calaoiseacha, nó mainneachtain thoiliúil nó aon dliteanas eile nach féidir a eisiamh nó a theorannú faoi dhlí na hÉireann. 

Gan dochar don mhéid thuas, oibríonn Bonneagar Iompair Éireann an Láithreán seo ar bhonn “fógra agus baint anuas”. Má chreideann tú go sáraíonn aon ábhar ar an Láithreán seo do chearta nó ceart tríú páirtí, nó a sháraíonn na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo ar bhealach eile, iarrtar ort fógra a thabhairt dúinn láithreach. Cé nach bhfuil aon oibleagáid orainn chun aon ábhar a chuirtear in airde ar an Láithreán seo a scagadh, a chur in eagar nó a mhonatóiriú, nuair a dhéantar sárú líomhnaithe ar chearta tríú páirtí nó nuair a dhéantar sárú líomhnaithe ar na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo a thabhairt le fios dúinn, is féidir linn dul i mbun beart chun an t-ábhar ábhartha a chur in eagar nó a bhaint.

Naisc le Láithreáin Eile

Gabhann naisc áirithe ar an Láithreán seo chuig láithreáin an Ghréasáin Dhomhanda atá á gcoimeád ag tríú páirtithe. Ní chuirtear na naisc seo ar fáil ach amháin mar áis duit. Níl athbhreithniú déanta againn ar an eolas atá ar fáil ar na láithreáin nasctha siúd agus níl aon fhreagracht orainn as an bhfáil a bhíonn orthu ná ar ábhar na láithreán nasctha siúd (nó láithreáin a bhfuil nasc leo ó na láithreáin nasctha siúd) ná aon táirgí nó seirbhísí a d’fhéadfaí a chur ar fáil trí aon chinn de na láithreáin nasctha siúd. B’fhéidir go gcuimsítear ar láithreáin nasctha tríú páirtí eolas a gcomhaontaíonn nó nach gcomhaontaíonn Bonneagar Iompair Éireann leis agus ní thugann naisc leis na láithreáin tríú páirtí siúd le fios go bhformhuiníonn Bonneagar Iompair Éireann an t-ábhar nó an t-eolas atá ar fáil ar na láithreáin nasctha tríú páirtí siúd ar bhealach ar bith dá laghad. D’fhéadfadh téarmaí agus coinníollacha éagsúla a bheith bainteach leis an úsáid a bhaineann tú as aon láithreáin nasctha. 

A luaithe a d’úsáid tú na naisc seo leis an Láithreán seo a fhágáil, ba cheart duit a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon smacht againn ar láithreáin ghréasáin eile. Ar an ábhar sin, ní féidir linn a bheith freagrach as cosaint agus príobháideachas aon eolais a sholáthraíonn tú fad a bhíonn cuairt á tabhairt againn ar aon láithreáin ghréasáin eile (na láithreáin nasctha ina measc). 

Tabhair faoi deara, chomh maith, le do thoil, ní féidir leat an Láithreán seo a fhrámú nó nasc a chur ar fáil leis gan faomhadh scríofa a bheith faighte agat roimh ré ó Bhonneagar Iompair Éireann.

Post Leictreonach, Slándáil agus Príobháideachas

Chuaigh Bonneagar Iompair Éireann i mbun bearta réasúnta tráchtála le slándáil na cumarsáide a dhéanann tú leis an Láithreán a chinntiú, agus leagtar amach sonraí faoi seo i ráiteas príobháideachais agus slándála Bhonneagar Iompair Éireann. Ní bhaineann an ráiteas príobháideachais agus slándála seo le láithreáin tríú páirtí. 

Nuair a fhaightear rochtain ar an Láithreán seo, glacann gach Úsáideoir leis nach bhféadfadh post leictreonach nó cumarsáid eile a ghabhann thar an Idirlíon a bheith saor ó thrasnaíocht ag tríú páirtithe. Mar iarmhairt air sin, aithníonn tú nach féidir le Bonneagar Iompair Éireann príobháideachas, slándáil ná rúndacht aon eolais a bhaineann leis an Úsáideoir a chinntiú a ghabhann thar an Idirlíon agus nach bhfuil Bonneagar Iompair Éireann faoi dhliteanas as aon chaillteanas nó díobháil a tharlaíonn mar thoradh ar nó maidir le haon chumarsáid idir tú féin agus Bonneagar Iompair Éireann a ghabhann thar an Idirlíon nó aon chumarsáid a dhéanann tú leis an Láithreán seo. 

Cé go bhfuil Bonneagar Iompair Éireann faoi cheangal ag reachtaíocht um chosaint sonraí infheidhme, is féidir le Bonneagar Iompair Éireann eolas nach sonraí pearsanta é a úsáid faoi mar a mheasaimid is cuí chun feabhas a chur ar ár n-oibríochtaí. Chun teacht ar bhreis eolais, féach, le do thoil, ár ráiteas príobháideachais agus slándála.

Limistéar Idirghníomhach

B’fhéidir go gcuimsítear fóraim phlé, boird bhullaitíní, athbhreithnithe úsáideora nó fóraim nó meáin eile ar an Láithreán seo inar féidir leat nó tríú páirtithe ábhar, teachtaireachtaí, ábhair nó earraí eile a chur in airde ar an Láithreán seo (a dtagraítear dóibh mar Limistéir Idirghníomhacha). Má tá na Limistéir Idirghníomhacha siúd ar fáil, is tú féin, agus tú féin amháin, atá freagrach as an úsáid a bhaineann tú as na Limistéir Idirghníomhacha siúd agus baineann tú úsáid astu ar do phriacal féin. Trí úsáid a bhaint as aon Limistéir Idirghníomhacha, comhaontaíonn tú go soiléir gan aon chinn den mhéid seo a leanas a chur in airde, a uaslódáil, a dháileadh, a stóráil, a chruthú nó a fhoilsiú ar bhealach eile tríd an Láithreán seo:

  • Aon teachtaireacht, sonraí, eolas, téacs, ceol, fuaim, grianghraif, grafaic, cód nó ábhar eile (a dtagraítear dóibh mar “Ábhar”) atá neamhdhleathach, leabhlach, clúmhillteach, graosta, pornagrafaíoch, míchuí, gáirsiúil, maslach, ciapach, bagrach, drochídeach, gríosaitheach, calaoiseach, ionrach ar chearta príobháideachais nó poiblíochta nó atá gránna nó míchuí ar bhealach eile;
  • Ábhar a mbeadh treoracha ann, nó a spreagfadh nó a chuirfeadh treoracha ar fáil chun cion coiriúil a dhéanamh, cearta aon pháirtí a shárú, nó aon dlí infheidhme a shárú ar bhealach eile;
  • Ábhar a d’fhéadfadh aon phaitinn, trádmharc, rún trádála, cóipcheart nó ceart intleachtúil nó dílsithe aon pháirtí a shárú;
  • Ábhar a dhéanann pearsanú ar aon duine nó aonán nó a thugann míléiriú ar bhealach eile ar an gcleamhnacht atá agat le duine nó aonán;
  • Promóisin, feachtasaíocht pholaitiúil, fógraíocht nó iarrataí gan iarraidh;
  • Ábhar a d’fhéadfadh cearta príobháideachais tríú páirtí a shárú;
  • Víris, sonraí truaillithe nó comhaid eile dhíobhálacha, shuaiteacha nó mhillteacha; nó
  • Ábhar atá, de réir ár mbreithiúnais aonair, gránna nó a chuireann srian nó cosc ar aon duine eile ó na Limistéir Idirghníomhacha nó an Láithreán seo a úsáid nó taitneamh a bhaint astu, nó a d’fhéadfadh sinn nó ár n-úsáideoirí a nochtadh d’aon díobháil nó dliteanas d’aon saghas.

Ní ghlacaimid le haon fhreagracht agus nílimid faoi dhliteanas aon Ábhair d’aon sórt a dhéanann tú féin nó tríú páirtí a chur in airde, a stóráil nó a uaslódáil ar an Láithreán seo, nó d’aon chaillteanas nó díobháil a dhéantar mar thoradh air. Mar sholáthraí seirbhísí idirghníomhacha, nílimid faoi dhliteanas d’aon ráiteas, uiríoll ná Ábhair a chuireann úsáideoirí an Láithreáin seo ar fáil in aon Limistéar Idirghníomhach nó i bhfóram poiblí eile. Cé nach bhfuil aon oibleagáid orainn chun aon chuid den Ábhar a chuirtear in airde nó a dháiltear trí aon Limistéar Idirghníomhach a chur ar scáileán, a chur in eagar nó monatóireacht a dhéanamh air, agus go bhfuil lánrogha iomlán againn chun aon Ábhar a chuirtear in airde nó a stóráiltear ar an Láithreán seo a bhaint, a chur ar scáileán nó a chur in eagar ag aon tráth ag aon tráth ar aon chúis, agus is tú féin, agus tú féin amháin, atá freagrach as cúlchóipeanna a chruthú d’aon Ábhar agus aon Ábhar a athsholáthar a chuireann tú in airde nó a stórálann tú ar an Láithreán seo ar do chostas féin amháin. 

Má bhaintear aon úsáid as na Limistéir Idirghníomhacha nó as codanna eile den Láithreán seo ar bhealach eile seachas i gcomhréir leis na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo, féadtar deireadh a chur leis an teacht a bhíonn agat ar na Limistéir Idirghníomhacha agus/nó an Láithreán seo nó é a chur ar fionraí, i measc rudaí eile. Chun ordú cúirte dlínse inniúla a chomhlíonadh nó chun ár gcórais nó úsáideoirí an Láithreáin seo a chosaint, is féidir linn aon eolas a phróiseáil agus a nochtadh atá á choimeád againn maidir le húsáideoir an Láithreáin seo a dhéanann Ábhar míchuí nó gránna a chur in airde nó a uaslódáil, an méid seo a leanas ina measc agus gan a bheith teoranta dó: a n-ainm, seoladh ríomhphoist, seoladh IP, stair úsáide, agus Ábhar a cuireadh in airde. 

Trí Ábhar a chur in airde nó a dháileadh ar an Láithreán seo, mura dtugaimid a mhalairt le fios:

  • bronnann tú ceart neamheisiach, saor ó dhleacht, síoraí, inaistrithe, do-chúlghairthe agus go hiomlán in-fhocheadúnaithe chun saothair dhíorthacha a úsáid, a atáirgeadh, a mhionathrú, a oiriúnú, a aistriú, a dháileadh, a fhoilsiú agus a chruthú ón Ábhar sin agus an tÁbhar sin a thaispeáint agus a léiriú go poiblí ar fud an domhain pé meáin dá laghad;
  • déanann tú uiríoll agus barántaíonn tú an méid seo a leanas maidir leis an Ábhar a chuireann tú in airde nó a dháileann tú ar bhealach eile (a) comhlíonann sé na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo; (b) tá sé cruinn agus níl sé míthreorach; agus (c) ní dhéanfaidh sé sinn a nochtadh d’aon dliteanas sibhialta nó coiriúil agus ní imreoidh sé drochthionchar ábhartha a imirt ar ár ngnólacht ná ár gcáil, ar bhealach eile. 

Measfar go mbeidh ábhar a sheolann tú ar aghaidh neamhrúnda agus níl aon oibleagáid orainn chun caitheamh leis an Ábhar sin mar eolas dílsithe. Gan teorainn a chur ar an méid thuas, tá an ceart ar cosaint againn úsáid a bhaint as an Ábhar faoi mar a mheasaimid is cuí, gan teorainn, agus é a scriosadh, a chur in eagar, a mhionathrú, a chuileáil, nó a dhiúltú chun é a chur in airde, ina measc sin. Níl oibleagáid ar bith orainn chun aon íocaíocht a thairiscint duit d’Ábhar a sheolann tú ná don deis chun Ábhar a chur in eagar, a scriosadh nó a mhionathrú ar bhealach eile a luaithe a seoladh ar aghaidh chugainn é. Ní bheidh aon dualgas orainn a chur i do leith gur tú féin údar Ábhair, agus ní bheimid faoi oibleagáid aon fhoirm de chur i leith a chur i bhfeidhm ag tríú páirtithe. Comhaontaíonn tú, leis seo, chun aon cheart agus gach ceart morálta a thabhairt suas a d’fhéadfadh a bheith agat san Ábhar.

Fógraíocht

D’fhéadfadh fógraíocht nó urraitheoirí a bheith i gcuid den Láithreán seo nó de láithreáin eile amach anseo a oibrítear faoi choimirce Bhonneagar Iompair Éireann. Tá fógróirí agus urraitheoirí freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann ábhar a sheoltar ar aghaidh lena chur san áireamh ar an Láithreán seo an dlí infheidhme idirnáisiúnta agus náisiúnta. Ní bheidh aon fhreagracht ná dliteanas dá laghad ar Bhonneagar Iompair Éireann as aon earráid nó míchruinneas a chuimsítear in aon chinn de na hábhair fógraíochta siúd.

Fógra agus Ceadúnas Cóipchirt

Is le Bonneagar Iompair Éireann an t-eolas a chuimsítear sa Láithreán seo, an méid seo a leanas ina measc ach gan bheith teoranta dó; ábhar, rogha agus leagan amach an téacs, íomhánna, grafaicí, beochan, físeáin, ceol, fuaimeanna agus ábhair eile, nó is lenár gceadúnóirí iad agus tá siad á gcosaint ag cóipcheart, trádmharc agus dlíthe eile infheidhme náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Is féidir leat brabhsáil tríd an Láithreán seo agus cóipeanna d’ábhair a chló nó a íoslódáil chuig ríomhaire amháin ar mhaithe le húsáid neamhthráchtála laistigh de do thimpeallacht bhaile [nó do thimpeallacht oibre], a fhad go gcoimeádann aon chóipeanna, bíodh cóipeanna de láimh nó leictreonacha iad, gach fógra cóipchirt agus fógra agus séanadh dílsithe eile. Ní thugtar aon chead chun aon athruithe a dhéanamh (cibé acu de láimh nó i bhfoirm leictreonach) ar an eolas ar an Láithreán seo agus tá gach ceart ar cosaint againn nach ndéanaimid a dheonú go sainráite sna TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo. 

Aithníonn tú agus comhaontaíonn tú leis nach gceadaíonn an ceadúnas teoranta chun ábhair a chóipeáil ar an Láithreán seo a leagtar amach thuas chun an t-ábhar ná aon chuid de a chorprú in aon saothar nó foilseachán eile, cibé acu i gcruachóip, i gcóip leictreonach, nó in aon fhoirm eile. Ach go háirithe, ach gan teorainn a bheith air, aithníonn tú agus comhaontaíonn tú nach féidir aon ábhair ar an Láithreán seo a chóipeáil nó a dháileadh ar aon chuspóirí tráchtála. Aithníonn tú agus comhaontaíonn tú nach féidir aon ábhair ar an Láithreán seo a atáirgeadh nó a sheoladh ar aghaidh chuig, nó a stóráil ar, aon láithreán gréasáin eile nó in aon fhoirm eile de chóras aisghabhála leictreonach nó a úsáid chun saothair dhíorthacha a chruthú gan údarú scríofa a bheith faighte roimh ré.

Fógra Trádmhairc

Aithníonn tú agus comhaontaíonn tú leis gur trádmharcanna, marcanna seirbhíse, nó ainmneacha trádála de chuid Bhonneagar Iompair Éireann, nó a chomhpháirtithe, faoi mar is cuí, iad gach ainm táirge, ainm samhla, sluán, lógó agus suaitheantas, a dtagraítear dóibh ar an Láithreán seo, cibé acu má bhíonn nó mura mbíonn siad le feiceáil i gcló mór nó leis an tsiombail ‘TM’ nó trádmhairc, (na Marcanna). 

Aithníonn tú agus comhaontaíonn tú léis, chomh maith, go bhfuil na cearta go léir sna Marcanna ar cosaint agus nach mbronntar aon cheadúnas ná ceart ar Úsáideoirí chun úsáid a bhaint as aon chinn de na Marcanna. Anuas air sin, cuirtear cosc sainráite ar úsáid nó mí-úsáid a bhaint as Marcanna.

An Dlí Rialála

Dearadh an Láithreán seo chun dlíthe na hÉireann a chomhlíonadh. Baintear úsáid as an Láithreán seo faoi réir dhlíthe na hÉireann (gan Tuaisceart Éireann a áireamh) a rialóidh léirthuiscint, feidhm agus éifeacht na DTÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo go heisiach. Beidh dlínse eisiach ag cúirteanna na hÉireann i dtaobh gach éilimh nó díospóide a thagann chun solais maidir le, mar thoradh ar, nó i ndáil leis an Láithreán seo agus an úsáid a bhaintear as. 

Má mheastar go bhfuil aon fhoráil de na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo neamhdhleathach, ar neamhní nó do-infheidhmithe ar chúis ar bith faoi dhlí aon dlínse, meastar go bhfuil deireadh curtha leis an bhforáil sin sa dlínse sin agus ní dhéanfaidh seo difear do bhailíocht agus in-fhorfheidhmitheacht na bhforálacha eile sa dlínse sin ná do bhailíocht agus in-fhorfheidhmitheacht na DTÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo in aon dlínse eile.

An Comhaontú Iomlán

Cuimsítear sna TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo an comhaontú iomlán idir na páirtithe a bhaineann leis an úsáid a bhaineann tú as, agus an teacht a bhíonn agat ar, an Láithreán seo.