Déanann DTES athbhreithnithe rialta ar na feithiclí uile atá cláraithe sa scéim. Féadfaidh DTES dul i dteagmháil le baill den scéim le stádas cáilitheachta a bhfeithiclí a dheimhniú. Baill de scéim DTES nach bhfreagraíonn nó nach ndéanann teagmháil le DTES chun stádas a bhfeithicle a athdheimhniú, bainfear den scéim iad go dtí go ndéanfar a gcáilitheacht a dheimhniú.
Má tá tú cláraithe le haghaidh DTES agus má tá cumarsáid faighte agat ó DTES ach nár fhreagair tú go fóill, iarraimid ort déanamh amhlaidh láithreach bonn le do thoil. Baineann baol do bhaill de DTES nach bhfreagraíonn go ndéanfaí iad a bhaint den scéim agus dá bhrí sin, beidh orthu an dola a íoc ag plás dola.
Naisc Áisiúla
Ní cháileofar ach feithiclí a bunathraíodh do dhaoine faoi mhíchumas atá cláraithe.