Ceisteanna Coitianta
Scéim Díolúine ó Dholaí do Dhaoine

TRANSPORT INFRASTRUCTURE IRELAND

Bhunaigh BIÉ an Scéim Díolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas in 2019 lena ligean do gach Feithicil a Bunathraíodh do Dhaoine faoi Mhíchumas a bheith díolmhaithe ó mhuirir dhola a íoc ar bhóithre dola na hÉireann. Ó Fheabhra 2020, ní bheidh muirir dhola le híoc d’fheithicil an DTES ag aon dola-phlás ar fud na tíre.
ATá sé simplí chun iarratas a dhéanamh ar an scéim. Líonann tú ár bhfoirm chlárúcháin ar líne anseo, íoslódálann tú an fhoirm atá le seoladh sa phost nó glaonn tú ar ár n-uimhir áitiúil, 1800 11 55 00
Teastaíonn do shonraí teagmhála, cláruimhir d’fheithicle agus deimhniú cláraithe feithicle uait lena dheimhniú go gcáilíonn an fheithicil don scéim faoi rialacha na gCoimisinéirí Ioncaim agus na scéime.

A luaithe a rinneadh d’fheithicil a chlárú agus a fhaomhadh, ní bheidh an fheithicil faoi réir táillí a thuilleadh ag aon dola-phlás in Éirinn.

I ndiaidh go n-eisítear Diosca Díolúine an DTES, beidh sé bailí ar feadh tréimhse 2 bhliain. A luaithe a éagann sé, beidh sé le hathnuachan.

Tá sé simplí chun iarratas a dhéanamh ar an scéim. Líonann tú ár bhfoirm chlárúcháin ar líne anseo, íoslódálann tú an fhoirm atá le seoladh sa phost nó glaonn tú ar ár n-uimhir áitiúil, 1800 11 55 00
Sa chás seo, is féidir leat foirm achomhairc a líonadh ar líne anseo nó is féidir leat glao ar 1800 11 55 00
Níl aon bhaint ag Diosca Díolúine an DTES le cáin bhóthair agus ní imríonn sé aon tionchar air. Déan teagmháil, le do thoil, leis na húdaráis ábhartha chun an scéal a fhiosrú.
Faoin scéim seo agus a luaithe a cláraíodh agus a faomhadh an fheithicil, beidh sé díolmhaithe ó mhuirir dhola a íoc. Tá an fheithicil díolmhaithe, seachas an duine aonair.
Má tá Diosca an DTES ar ghaothscáth an ghluaisteáin cheana féin, caithfidh tú an clárú leis an scéim a aistriú chuig na húinéirí nua agus beidh an fheithicil díolmhaithe go dtí go n-éagfaidh an diosca reatha. Mura ndéantar sin, is gá an fheithicil a chlárú faoi mar a luaitear thuas.
Greamaítear an diosca den ghaothscáth agus níor cheart é a bhaint. Baineann gach diosca leis an bhfeithicil a cláraíodh agus a faomhadh faoin scéim agus ní bheidh sé bailí a thuilleadh má bhaintear é nó má chuirtear isteach air. Má dhéantar díobháil don diosca, is féidir diosca nua a eisiúint faoin scéim don fheithicil chéanna.

Tá aon fheithicil a bunathraíodh do dhaoine faoi mhíchumas díolmhaithe anois ó mhuirir dhola a íoc. A luaithe a dhéantar feithicil a chlárú amhail bheith incháilithe, cuirfear diosca uathúil ar fáil. Ba cheart an diosca a ghreamú de ghaothscáth na feithicle agus déanfaidh freastalaí botha é a aithint ag gach dola-phlás.

Baineann diosca le feithicil amháin. Beidh a ndiosca féin aonair ag teastáil ó gach feithicil a bunathraíodh. Má tá breis agus feithicil amháin agat, beidh gach feithicil le clárú agus le faomhadh agus beidh diosca le heisiúint do gach feithicil.

A luaithe a eisíodh Diosca Díolúine an DTES, tá an fheithicil díolmhaithe, gan aird ar thiománaí na feithicle.

Is féidir leat do chuntas a dhúnadh trí scríobh chugainn ar ríomhphost chuig Cúram Custaiméirí nó is féidir leat glao ar 1800 11 55 00

Má athraíonn tú d’fheithicil, fágtar an diosca sa tseanfheithicil agus is féidir le húinéir nua an diosca a chlárú nó clárú do dhiosca nua, faoi mar is gá. Bheadh ort iarratas a dhéanamh ar dhiosca nua do d’fheithicil nua, más gá, chomh maith.

Ní ghearrtar aon mhuirear dola ar dhuine ar bith a bhfuil diosca bailí ar taispeáint acu.

Oibríonn do dhiosca ar gach bóthar dola.

Caithfear an diosca a chur ar thaobh na láimhe deise uachtarach den ghaothscáth ar thaobh an tiománaí. Cinntíonn seo gur féidir le hoibreoirí both dola diosca bailí a fheiceáil go soiléir nuair a ghluaiseann tú i dtreo an dola.

Ón 2 Feabhra ar aghaidh, tiocfaidh an diosca díolúine in ionad gach cárta díolúine. Ní dhéanfar cártaí a athnuachan i ndiaidh an dáta seo. Beidh ort clárú do dhiosca leis an eolas ábhartha a dtugtar cuntas air thuas.

Is gá. Chun go ndéanfaidh oibreoir dola an diosca a bhailíochtú, b’fhéidir go mbeidh orthu féachaint air. Mar sin, ba cheart diosca a bheith ar taispeáint san fheithicil chláraithe ag gach tráth.

Ní oibreoidh. Ní oibreoidh an diosca ach ar bhóithre dola na hÉireann.

All the below vehicle adaption companies all support DTES

1. OC Cars & Mobility Ltd.
Unit 1, Harris Park
Swords Road, Cloghran
Co.Dublin Eircode – K67V123
01-8332301
Contact: Tanya Bruen
www.occars.ie  sales@occars.ie

2. Southern Mobility Solutions Ltd.
Waterfront Business Park
Little Island
Co. Cork
021-4355411
www.southernmobility.ie
Email: southernmobility@yahoo.co.uk

3. Donaghey Motors
Letterkenny
Co. Donegal
074-9111111
Email: info@irishmotorhomes.com
www.donagheymotorhomes.ie

4. Ken Carroll Adaptations
Cloonacauneen
Claregalway
Co. Galway
091-798098
Contact: Ken Carroll
Email: kencarrolladaptations@gmail.com
www.kencarrolladaptations.ie

5. L&M Conversions Ltd
Unit 51, Block D
Eastlink Business Park
Ballysimon Road, Limerick
061-423323
www.landmconversions.ie
Email: info@landmconversions.ie

6. Freedom Mobility
Cornmarket
Ballinrobe
Co. Mayo
094 9542652 Ballinrobe office
087 7607879
091 483809 Galway office
www.freedommobility.ie
sales@freedommobility.ie

7. Motability Ireland Ltd.
Unit 21, Ashbourne Industrial Estate
Ashbourne
Co. Meath
01-8359173
Contact: Jonny
Email: sales@motabilityireland.com
www.motabilityireland.com

Naisc Áisiúla

Ní cháileofar ach feithiclí a bunathraíodh do dhaoine faoi mhíchumas atá cláraithe.