Ráiteas Príobháideachais
1. Réamhrá

Oibríonn Seirbhísí Easytrip Ireland Ltd (“Easytrip”) láithreán gréasáin an DTES thar ceann Egis Road Tunnel Operations (“ERTO”) agus Bhonneagar Iompair Éireann (“BIÉ”). Léiríonn Easytrip, ERTO agus BIÉ meas iomlán ar do cheart chun príobháideachais, agus caitheann siad leis na sonraí go léir a bhailítear tríd an láithreán gréasáin seo i gcomhréir le dlíthe infheidhme um chosaint sonraí. 

Tá Easytrip ar conradh ag ERTO/BIÉ chun Scéim láraithe Díolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas a sholáthar. 

Tá ERTO ar conradh ag BIÉ chun tionscadail agus bainistíocht bhonneagair a sholáthar.

Bunaíodh BIÉ i ndiaidh cumasc reachtúil an Údaráis um Bóithre Náisiúnta agus na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród faoi Acht na mBóithre, 2015. Is é ár bpríomhsheoladh Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10, Éire.

Is é BIÉ an rialaitheoir ar na sonraí pearsanta a bailíodh agus a próiseáladh tríd an láithreán gréasáin seo. Má bhíonn aon cheisteanna agat faoin úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, déan teagmháil, le do thoil, lenár nOifigeach Cosanta Sonraí:

An DTES faoi chúram Easytrip Services Ireland Ltd,
Teach EA, Bóthar Bhaile Dama, Baile Átha Cliath 15, D15xwr3

Guthán: +1800 11 55 00

Léigh téarmaí an ráitis phríobháideachais seo go cúramach, le do thoil, mar gheall go measfar gur ghlac tú le téarmaí an ráitis phríobháideachais trí chuairt a thabhairt ar an láithreán gréasáin seo. Mura bhfuil tú sásta le ráiteas príobháideachais an láithreáin ghréasáin seo, níor cheart duit an láithreán gréasáin seo a úsáid.

2. Faisnéis phearsanta a bhailiú agus a úsáid

Ní bhaileoimid aon eolas a shainaithneoidh tú go pearsanta nuair a thugann tú cuairt ar an láithreán gréasáin seo mura roghnaíonn tú chun an t-eolas sin a sholáthar. Má thugann tú cuairt ar an láithreán gréasáin seo chun brabhsáil, léamh nó íoslódáil a dhéanamh, bailímid agus stórálaimid do sheoladh IP go huathoibríoch, saghas do bhrabhsálaí agus fad seisiúin úsáideora. Úsáidimid an t-eolas seo chun cabhrú linn an láithreán gréasáin seo a dhéanamh níos áisiúla do chuairteoirí, chun foghlaim faoin líon cuairteoirí a thug cuairt ar an láithreán gréasáin agus saghas na teicneolaíochta a úsáideann ár gcuairteoirí. Ní dhéanaimid eolas a rianú ná a chur i gcuntas faoi dhaoine aonair maidir lena gcuairteanna. Is féidir linn staitisticí comhiomlána a thiomsú agus a thuairisciú faoinár n-úsáideoirí i dtaobh líonta, patrúin tráchta agus eolais a bhaineann leis an láithreán. Ní chuimsítear in aon staitisticí den saghas sin aon eolas a shainaithníonn aon duine.

3. Cuspóir na Próiseála agus Bunús Dlí

Próiseáiltear sonraí pearsanta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • • Eolas a sholáthar do bhaill den phobal a bhaineann le soláthraithe clibeanna dolaí leictreonacha agus eolas ginearálta maidir le dolaí in Éirinn; agus
  • • Staitisticí comhiomlána a thiomsú agus a thuairisciú faoi úsáideoirí ár láithreáin ghréasáin i dtaobh líonta, patrúin tráchta agus eolais a bhaineann leis an láithreán.
  • • Is é an bunús dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil chun oibleagáidí dlíthiúla agus/nó rialála BIÉ a chomhlíonadh agus/nó chun tabhairt faoina thascanna ar mhaithe le leas an phobail agus/nó i bhfeidhmiú an údaráis oifigiúil a dhílsítear in BIÉ, maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dolaí in Éirinn.
4. Nochtadh Sonraí

Is féidir linn sonraí a nochtadh d’eagraíochtaí eile maidir leis na cuspóirí thuas, faoi na cúinsí seo a leanas:

Is féidir linn sonraí a roinnt lenár ngníomhairí agus conraitheoirí a mhéid agus is gá go réasúnta do na cuspóirí a ndéantar cur síos orthu thuas. I gcás go ndéantar athstruchtúrú ar ár n-eagraíocht, is féidir linn do shonraí a nochtadh d’aon tríú páirtí a ghlacann ceannas ar roinnt feidhmeanna BIÉ nó ar fheidhmeanna uile BIÉ.

Nuair a bhíonn dualgas orainn chun sonraí pearsanta a nochtadh chun aon oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, nó chun cearta, réadmhaoin nó sábháilteacht BIÉ, ár gcustaiméirí nó daoine eile a chosaint.

Nuair a cheadaíonn an dlí dúinn, ar bhealach eile, é a dhéanamh.

5. Fianáin

Úsáideann an láithreán gréasáin seo fianáin, agus is féidir fianán a leagan i do bhrabhsálaí idirlín, dá bharr. Téacsanna beaga iad fianáin a chuireann eolas ar fáil dúinn faoi cé chomh minic a thugann duine cuairt ar ár láithreán gréasáin agus cén ghníomhaíocht láithreán gréasáin a dhéantar i rith na gcuairteanna siúd. Níl aon eolas i bhfianáin a dhéanann duine ar bith a shainaithint ach má chuireann tú eolas ar fáil dúinn, b’fhéidir go ndéanfar é a nascadh le sonraí atá stóráilte san fhianán.

Mura mian leat go nglacfaidh do bhrabhsálaí le fianáin, is féidir leat an rogha a mhúchadh chun glacadh le fianán i socruithe do brabhsálaí. Má dhéantar tacaíocht fianán a mhúchadh, b’fhéidir go gcuirfear cosc ar an láithreán gréasáin seo ó fheidhmiú i gceart agus b’fhéidir nach mbeidh tú in ann na gnéithe agus an t-eolas go léir a úsáid go hiomlán.

6. Slándáil

Coimeádtar do shonraí pearsanta ar fhreastalaithe slána a dhéanann soláthraí Easytrip Operations Ireland a óstáil. Mar gheall ar chineál an idirlín, ní féidir linn a chinntiú ná barántas a thabhairt go mbeidh aon eolas a sheolann tú chugainn tríd an idirlíon slán. Ní féidir a chinntiú go bhfuil aon sonraí a sheoltar thar an Idirlíon 100% slán. Rachaimid i mbun bearta réasúnta, áfach, (bearta cuí teicniúla agus eagraíochta ina measc) le do shonraí pearsanta a chosaint ó rochtain nó nochtadh neamhúdaraithe.

7. Do Chearta

Tá na cearta seo a leanas agat, faoi chúinsí áirithe, maidir le do shonraí pearsanta:

  • an ceart chun teacht ar do shonraí pearsanta;
  • an ceart a iarraidh go gceartaítear agus/nó go scriostar do shonraí pearsanta;
  • an ceart chun cosc a chur ar úsáid do shonraí pearsanta;
  • an ceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh phróiseáil do shonraí pearsanta;
  • an ceart chun do shonraí pearsanta a fháil, a sholáthair tú dúinn, i bhformáid struchtúrach, a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín nó a iarraidh orainn na sonraí sin a tharchur chuig rialaitheoir eile; agus
  • nuair a dhéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil mar gheall gur thug tú toiliú, tá an ceart agat chun do thoiliú don phróiseáil a aistarraingt ag aon tráth.

Chun aon cheann de na cearta a leagtar amach thuas a fheidhmiú, féach Mír 1 thuas, le do thoil, chun teacht ar shonraí faoi Oifigeach um Chosaint Sonraí BIÉ.

8. Coinneáil

Ní choimeádfaimid do shonraí pearsanta ach chomh fada sin agus is gá chun na cuspóirí a chomhlíonadh ar bhailíomar iad dóibh, chun aon riachtanais dhlíthiúla, chuntasaíochta, nó tuairiscithe a shásamh, ina measc. Lena dheimhniú an tréimhse chuí choinneála do shonraí pearsanta, measaimid méid, cineál, agus íogaireacht na sonraí pearsanta, an riosca féideartha go ndéanfar díobháil trí do shonraí pearsanta a úsáid nó a nochtadh ar bhonn neamhúdaraithe, an cuspóir dá bpróiseálaimid do shonraí pearsanta agus cé acu an féidir nó nach féidir linn na cuspóirí siúd a bhaint amach ar bhealaí eile, agus na ceanglais dhlíthiúla infheidhme.

9. Athrú ar an Ráiteas Príobháideachais seo

Is féidir linn an cinneadh a dhéanamh ó thráth go chéile chun ár ráiteas príobháideachais a athrú, ach cuirfear aon athruithe in airde ar an leathanach seo chun tú a choimeád cothrom le dáta ar conas a dhéanaimid eolas a bhailiú, a úsáid agus a nochtadh. Má dhéanaimid an cinneadh ag aon tráth chun sonraí pearsanta a úsáid ar bhealach atá an-éagsúil ón mbealach a luaitear sa ráiteas príobháideachais seo nó ón mbealach a nochtar duit ag an tráth a bailíodh na sonraí, tabharfaimid fógra duit, agus beidh an rogha agat maidir le cibé acu an úsáidimid nó nach n-úsáidimid d’eolas ar an mbealach nua.

10. Ceisteanna agus Gearáin

Má bhíonn aon cheisteanna nó gearáin agat faoin úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, déan teagmháil linn, le do thoil, trí na sonraí teagmhála i Mír 1 thuas a úsáid. Is féidir teacht ar eolas breise faoi chosaint sonraí ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Chosanta Sonraí: www.dataprotection.ie

Tá an ceart agat chun gearán a dhéanamh, chomh maith, leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí mura bhfuil tú sásta leis an mbealach a d’úsáideamar d’eolas nó a chuamar i ngleic le do chearta. Is féidir teacht ar shonraí faoi conas gearán a dhéanamh ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Chosanta Sonraí.