Fógra um Chosaint SonraÍ
D’eisigh Bonneagar Iompair Éireann, Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10 (“BIÉ” nó “sinn”) an Fógra um Chosaint Sonraí seo. Is é cuspóir an fhógra seo chun thú a chur ar an eolas ar na sonraí a bhaineann leat a bhailítear agus a úsáidtear maidir le Dioscaí Díolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas nó a chomhionann de chlibeanna dola a eisiúint (“an Scéim”) agus na húsáidí a bhaintear as na sonraí siúd (nochtadh do thríú páirtithe ina measc). Beartaítear go n-éascóidh an Scéim rochtain níos fearr agus níos éifeachtúla i measc daoine faoi mhíchumas a shásaíonn na critéir riachtanacha, ar bhóithre dola sa Stát.

Is é BIÉ rialaitheoir na sonraí pearsanta siúd. Má bhíonn aon cheisteanna agat faoin úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, déan teagmháil, le do thoil, lenár nOifigeach Cosanta Sonraí ag Bonneagar Iompair Éireann, Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10, Guthán: +353 1 646 3600, Ríomhphost: dataprotection@tii.ie

Oibriú na Scéime

D’fhostaigh BIÉ oibreoir tríú páirtí atá bunaithe in Éirinn, Egis Road & Tunnel Operation Ireland (ERTO), chun an Scéim a oibriú thar ceann BIÉ agus ní phróiseálfaidh sé do shonraí pearsanta ach i ndiaidh go n-ordaíonn BIÉ é sin a dhéanamh (“an tOibreoir”). Go ginearálta, ní láimhseálfaidh BIÉ do shonraí pearsanta go díreach agus ní bhailíonn sé féin aon sonraí pearsanta fút, bailíonn agus próiseálann an tOibreoir do shonraí pearsanta, ina ionad sin. Faoi chúinsí teoranta, e.g. nuair a bhíonn cearta um chosaint sonraí á bhfeidhmiú agat linn, is féidir le BIÉ do shonraí pearsanta a phróiseáil go díreach.

Sonraí Pearsanta a Phróiseálaimid

Déanann an tOibreoir, thar ceann BIÉ, na sonraí pearsanta seo a leanas a bhailiú agus a phróiseáil maidir leat i dtaobh na Scéime:

  • Do shonraí teagmhála – e.g. d’ainm, seoladh, uimhir ghutháin, seoladh ríomhphoist;
  • Sonraí faoi d’fheithicil – cláruimhir feithicle (CUF) agus eolas/fianaise a bhaineann le cáiliú do Scéim Faoisimh Cánach na gCoimisinéirí Ioncaim do Thiománaithe agus Paisinéirí faoi Mhíchumas (i.e. Deimhniú Cláraithe Feithicle);
  • Aon teidlíocht reatha/roimhe seo do chárta/phas míchumais nó a mhacasamhail;
  • Eolas a bhaineann le feithiclí atá cláraithe i dTuaisceart Éireann a cháiliú chun feithicil a sainoiriúnaíodh chun críocha na bhfodhlíthe infheidhme maidir le bóthar dola;
  • Sonraí pearsanta a bhaineann leat maidir le teagmháil a dhéanamh leat trí fhoirmeacha ar líne, ríomhphost, comhfhreagras poist, comhráite agus glaonna gutháin;
  • Eolas a bhaineann le haon ghearán a dhéanann tú mar chustaiméir (agus aon achomharc a dhéantar ar an ngearán sin); agus
  • Aon eolas pearsanta eile a sholáthair tú dúinn nó don Oibreoir go díreach.

Níl ort aon eolas a sholáthar faoi do shláinte nó míchumas chun iarratas a dhéanamh ar an Scéim agus ní bhailíonn BIÉ, ná an tOibreoir thar ceann BIÉ, aon sonraí pearsanta a bhaineann le do shláinte nó míchumas (seachas nuair a sholáthraíonn tú sonraí dúinn faoi aon saincheisteanna den saghas sin i gcumarsáid a dhéanann tú linn nó leis an Oibreoir).

Níl aon cheanglas reachtúil ná conarthach ort chun aon chinn de na sonraí pearsanta thuas a sholáthar, ach ní bheidh tú in ann tairbhe a bhaint as an Scéim, áfach, nuair nach soláthraíonn tú an t-eolas a thugtar le fios mar eolas a theastaíonn ar an bhfoirm iarratais don Scéim.

Bailíonn an tOibreoir, thar ceann BIÉ, na sonraí a ndéantar cur síos orthu thuas go díreach uait (e.g. san fhoirm iarratais ar rannpháirtíocht sa Scéim).  Anuas air seo, faigheann nó bailíonn an tOibreoir, thar ceann BIÉ, eolas fút ó na foinsí tríú páirtí seo a leanas:

  • Cuideachtaí dola agus an Soláthraí Seirbhíse Bainistíocht Idir-Inoibritheachta;
  • Soláthraithe Sonraí Uathghluaisneacha Tríú Páirtí; agus
  • Rannán Seirbhísí Ríomhaireachta agus Tiománaithe (RSRT) na Roinne Iompair.

Sonraí a bhailítear go huathoibríoch – Láithreán Gréasáin na Scéime

Ar nós fhormhór oibreoirí na láithreán gréasáin, bailíonn an tOibreoir, thar ceann BIÉ, eolas staitistiúil agus anailíseach eile ar bhonn comhiomlán faoi na cuairteoirí go léir a thugann cuairt ar ár láithreán gréasáin. Ní féidir linn an t-eolas a bhailímid a úsáid chun thú shainaithint ná teagmháil a dhéanamh leat. Áirítear leis seo eolas déimeagrafach maidir le, mar shampla, seoladh IP úsáideora, saghsanna brabhsálaí agus eile sonraí staitistiúla eile a luaitear gan ainm a bhaineann le húsáid a bhaint as ár láithreán gréasáin. Chun teacht ar eolas faoi na fianáin a úsáidimid chun roinnt den eolas seo a bhailiú, féach, le do thoil, ár mbeartas fianán anseo.

Cuspóirí na Próiseála agus Bunús Dlí

Próiseálfar na sonraí pearsanta a luaitear thuas ar na cuspóirí seo a leanas:

  • An Scéim a riar agus a oibriú lena ligean do dhaoine aonair incháilithe chun tairbhe a bhaint as an Scéim; agus
  • A chinntiú go mbainistítear an Scéim i gcomhréir le feidhmeanna BIÉ faoi reacht.

Is é ár mbunús dlí chun an t-eolas seo a bhailiú agus a úsáid ná go dteastaíonn an phróiseáil siúd chun go dtugaimid faoinár dtascanna ar mhaithe le leas an phobail agus/nó i bhfeidhmiú an údaráis oifigiúil a dhílsítear ionainn.

Anuas air sin, sa chás go bhfuil orainn nó an tOibreoir aon chatagóir speisialta de shonraí pearsanta a phróiseáil maidir leat (ar nós sonraí a bhaineann le do shláinte, nuair a sholáthair tú na sonraí siúd), déanfaimid amhlaidh ar an mbunús go bhfuil ár bpróiseáil a dhéanaimid ar na sonraí siúd riachtanach agus comhréireach ar chúiseanna leas substainteach an phobail (i.e. chun rochtain níos fearr agus níos éifeachtúla a éascú i measc daoine faoi mhíchumas ar bhóithre dola sa Stát).  Má bhailímid agus má phróiseálaimid an chatagóir siúd speisialta de shonraí pearsanta maidir leat, ní choimeádfaimid, ná ní choimeádfaidh an tOibreoir, na sonraí siúd ach chomh fada sin agus is gá, agus cinnteoimid go scriostar go slán iad a luaithe nach gá dúinn iad a choimeád a thuilleadh.

Anuas air sin, nuair a dhéanaimid, nó an tOibreoir, teagmháil leat thar ár gceann, le nuashonruithe agus faisnéis maidir leis an Scéim, déanaimid amhlaidh ar bhunús do thoilithe.

Faighteoirí Sonraí

Is féidir leis an Oibreoir, thar ceann BIÉ, do shonraí pearsanta a nochtadh d’fhaighteoirí éagsúla maidir leis na cuspóirí thuas, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Tríú páirtithe atá fostaithe ag BIÉ chun seirbhísí a sholáthar dúinn maidir leis an Scéim, ar nós an Oibreora, iniúchóirí agus soláthraithe sonraí uathghluaisneacha;
  • Cuideachtaí dola agus an Soláthraí Seirbhíse Bainistíocht Idir-Inoibritheachta; agus
  • Rannán Seirbhísí Ríomhaireachta agus Tiománaithe (RSRT) na Roinne Iompair.

Aistrithe Thar Lear Ní aistrítear do shonraí pearsanta lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíochta.

Coinneáil

Coinneoidh an tOibreoir, thar ceann BIÉ, do shonraí pearsanta ar feadh tréimhse trí bliana ó dháta an iarratais ar dhiosca Scéime (chun freastal ar an tréimhse éagtha dhá bhliain don diosca agus bliain bhreise lena éascú athnuachan a dhéanamh agus freagairt do cheist d’úsáideoirí Scéime mura ndearna tú iarratas eile laistigh den tréimhse dhá bliain).

Slándáil d’Fhaisnéise

Ghlac an tOibreoir, thar ceann BIÉ le bearta cuí teicniúla agus eagraíochtúla slándála chun d’eolas a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe agus in aghaidh próiseáil neamhdhleathach, caillteanas, milleadh nó díobháil de thimpiste. Cinnteoimid, chomh maith leis sin, go gceanglaítear ar ár ngníomhairí eile nó soláthraithe seirbhíse tríú páirtí a phróiseálann do shonraí chun iad a choimeád sábháilte agus slán.

Do Chearta

Tá na cearta seo a leanas agat, faoi chúinsí áirithe, maidir le do shonraí pearsanta:

  • An ceart chun teacht ar do shonraí pearsanta;
  • An ceart a iarraidh go gceartaítear agus/nó go scriostar do shonraí pearsanta;
  • An ceart chun cosc a chur ar úsáid do shonraí pearsanta;
  • An ceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh phróiseáil do shonraí pearsanta;
  • An ceart chun do shonraí pearsanta a fháil, a sholáthair tú dúinn, i bhformáid struchtúrach, a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín nó a iarraidh orainn na sonraí sin a tharchur chuig rialaitheoir sonraí eile.

Chun aon cheann de na cearta a leagtar amach thuas a fheidhmiú, déan teagmháil, le do thoil, lenár nOifigeach um Chosaint Sonraí ag: Bonneagar Iompair Éireann, Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10, Guthán: +353 1 646 3600, Ríomhphost: dataprotection@tii.ie.

Iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas má thagann athrú ar do shonraí customercare@dtes.ie.

Gearáin

Mura bhfuil tú sásta leis an mbealach a d’úsáideamar, nó an tOibreoir, thar ár gceann, d’eolas nó a chuamar i ngleic le do chearta, tá an ceart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí.   Féach, le do thoil, láithreán gréasáin an Choimisiúin Chosanta Sonraí chun teacht ar bhreis sonraí.