Ceisteanna Coitianta
An Scéim um Dhíolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas (DTES)

BONNEAGAR IOMPAIR ÉIREANN

Bhunaigh BIÉ an Scéim um Dhíolúine ó Dholaí do dhaoine faoi mhíchumas in 2019 chun díolúine ó tháillí dola ar bhóithre dola in Éirinn a thabhairt d’Fheithiclí a Bunathraíodh do Dhaoine faoi Mhíchumas. Ó mhí Feabhra 2020, níl úsáideoirí DTES faoi dhliteanas táillí dola a íoc ag dola-phlás ar bith ar fud na tíre.

Rud simplí é iarratas a dhéanamh ar an scéim. Líon isteach an fhoirm chlárúcháin ar líne, íoslódáil an fhoirm chun í a sheoladh tríd an bpost, nó glaoigh ar an uimhir áitiúil 1800 11 55 00

Beidh do shonraí teagmhála, uimhir chlárúcháin d’fheithicle agus deimhniú clárúcháin d’fheithicle ag teastáil uait chun a bhailíochtú go gcáilíonn an fheithicil don scéim faoi rialacha na gCoimisinéirí Ioncaim agus na scéime.

Ar d’fheithicil a chlárú agus a cheadú, ní bheidh sí faoi réir táillí ag dola-phlás ar bith in Éirinn a thuilleadh.

Beidh an Diosca Díolúine DTES bailí ar feadh tréimhse dhá bhliain ar a eisiúint. Ar dhul in éag dó, beidh ort é a athnuachan.

Is féidir leat do dhiosca a athnuachan ar líne anseo nó trí ghlaoch ar 1800 11 55 00
Is féidir leat do dhiosca a athnuachan ar líne anseo nó trí ghlaoch ar 1800 11 55 00

Déanfaimid iarracht dul i dteagmháil leat gar do dháta éagtha do dhiosca chun é a athnuachan. Mura féidir linn dul i dteagmháil leat, nó mura dtugann tú freagra, bainfear an diosca éagtha ón scéim 6 seachtaine tar éis an dáta éagtha.

Sa chás sin, is féidir leat foirm achomhairc a líonadh isteach ar líne anseo nó trí ghlaoch ar 1800 11 55 00

Níl baint ar bith ag an Diosca Díolúine DTES le mótarcháin agus níl aon tionchar aige uirthi. Déan teagmháil leis na húdaráis ábhartha chun soiléiriú a fháil.

Faoin scéim seo, agus ar an bhfeithicil a chlárú agus a cheadú, beidh díolúine ag an bhfeithicil ó tháillí dola a íoc. Is ag an bhfeithicil atá díolúine, ní ag an duine.

Má tá Diosca DTES ar ghaothscáth an chairr cheana féin, is gá an clárúchán leis an scéim a aistriú chuig an úinéir/na húinéirí nua agus beidh díolúine ag an bhfeithicil go dtí go rachaidh an diosca sin in éag. I ngach cás eile, is gá an fheithicil a chlárú mar a luadh thuas.

Déantar an diosca a ghreamú den ghaothscáth agus níor cheart é a bhaint anuas. Baineann gach diosca go sonrach leis an bhfeithicil atá cláraithe agus ceadaithe faoin scéim agus éireoidh sé neamhbhailí má bhaintear anuas é nó má dhéantar aon athrú air. Má tharlaíonn damáiste don diosca is féidir diosca nua a eisiúint don fheithicil chéanna faoin scéim.

Ní féidir, ní mór duit gabháil chomh fada le dolabhoth agus ardóidh ball foirne an bhacainn duit.

I gcás feithiclí a cháilíonn don scéim, soláthrófar diosca atá le greamú de ghaothscáth na feithicle, ar thaobh an tiománaí. Nuair a ghabhann feithicil atá cláraithe le DTES chomh fada leis an dola-phlás, deimhneofar an diosca DTES agus/nó an t-uimhirphláta agus tabharfar cead bealaigh saor in aisce don fheithicil tríd an dola-phlás. Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfadh miondifríochtaí oibríochta a bheith ann ar fud na ndola-phlás éagsúil.

Baineann diosca le feithicil. Beidh a diosca féin ag teastáil ó gach feithicil bhunathraithe. Má tá níos mó ná feithicil amháin agat, is gá gach feithicil a chlárú agus a cheadú, agus diosca a eisiúint di.

Beidh díolúine ag an bhfeithicil ar an Diosca Díolúine DTES a eisiúint, beag beann ar cé hé/hí tiománaí na feithicle.

Is féidir leat do chuntas a dhúnadh i scríbhinn trí ríomhphost a sheoladh chuig cúram do chustaiméirí nó is féidir leat glaoch ar 1800 11 55 00

Má athraíonn tú d’fheithicil, fanann an diosca sa tsean-fheithicil agus is féidir leis an úinéir nua an diosca a chlárú nó iarratas a dhéanamh ar dhiosca nua, de réir mar is gá. Bheadh ort iarratas a dhéanamh ar dhiosca nua le haghaidh d’fheithicle nua, más gá. Chomh maith leis sin, ní mór duit an scéim a chur ar an eolas má dhíolann tú d’fheithicil, go háirithe má bhaintear na bunathruithe aisti.

Tacaíonn na cuideachtaí oiriúnaithe feithicle thíos uile le DTES

  1. OC Cars & Mobility Ltd.
    Aonad 1, Harris Park
    Bóthar Shoird, Clochrán
    Co. Bhaile Átha Cliath Eircode – K67V123
    01-8332301
    Teagmháil: Tanya Bruen
    www.occars.iesales@occars.ie
  2. Southern Mobility Solutions Ltd.
    Pháirc Ghnó Waterfront
    An tOileán Beag
    Co. Chorcaí
    021-4355411
    www.southernmobility.ie
    Ríomhphost: southernmobility@yahoo.co.uk
  3. Donaghey Motors
    Leitir Ceanainn
    Co. Dhún na nGall
    074-9111111
    Ríomhphost: info@irishmotorhomes.com
  4. Ken Carroll Adaptations
    Cluain Mhic Cáinín
    Baile Chláir
    Co. na Gaillimhe
    091-798098
    Teagmháil: Ken Carroll
    Ríomhphost: kencarrolladaptations@gmail.com
  5. L&M Conversions Ltd
    Aonad 51, Bloc D
    Pháirc Ghnó an Náscbhóthair Thoir
    Bóthar Bhéal Átha Síomoin, Luimneach
    061-423323
    www.landmconversions.ie
    Ríomhphost: info@landmconversions.ie
  6. Freedom Mobility
    Cornmarket
    Baile an Róba
    Co. Mhaigh Eo
    094 9542652 oifig Bhaile an Róba
    087 7607879
    091 483809 oifig na Gaillimhe
    www.freedommobility.ie
    sales@freedommobility.ie
  7. Motability Ireland Ltd.
    Aonad 21, Eastát Tionsclaíochta Chill Dhéagláin
    Cill Dhéagláin
    Co. na Mí
    01-8359173
    Teagmháil: Jonny
    Ríomhphost: sales@motabilityireland.com
    www.motabilityireland.com

Ní ghearrtar táillí dola ar aon duine a thaispeánann diosca bailí.

Ní mór an diosca a chur ag barr an ghaothscátha ar dheis, ar thaobh an tiománaí. Cinnteoidh sé sin go mbeidh oibreoirí dolabhothanna in ann diosca bailí a fheiceáil go soiléir nuair atá feithicil ag druidim leis an dolabhoth.

Tháinig an Diosca Díolúine in áit na gCártaí Díolúine go léir an 3 Feabhra 2020. Ní dhéanfar cártaí a athnuachan tar éis an dáta sin. Beidh ort clárú le haghaidh diosca leis an bhfaisnéis ábhartha a leagtar amach thuas.

 

Is gá. Seans go mbeidh gá le hiniúchadh amhairc a dhéanamh ionas go mbeidh an t-oibreoir dolabhotha in ann an diosca a bhailíochtú, agus mar sin ba cheart diosca a bheith san fheithicil chláraithe an t-am ar fad.

Ní oibreoidh. Baineann an diosca le bóithre dola in Éirinn agus sin amháin.

Naisc Áisiúla

Ní cháileofar ach feithiclí a bunathraíodh do dhaoine faoi mhíchumas atá cláraithe.