Fógra Maidir le Cosaint Sonraí agus Ráiteas Príobháideachais don Suíomh
Tá an Scéim um Dhíolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas (DTES) á reáchtáil ag Easytrip Services Ireland Ltd (“Easytrip”) thar ceann Bonneagar Iompair Éireann (“BIÉ”). Tá mar aidhm ag an Scéim um Dhíolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas rochtain níos fearr agus níos éifeachtaí a éascú do dhaoine faoi mhíchumas (a chomhlíonann na critéir riachtanacha) ar Bhóithre Dola sa Stát.
Is é BIÉ ainm oibríochta an Údaráis um Bóithre Náisiúnta (“ÚBN”) i ndiaidh dhíscaoileadh na Gníomhaireachta um Fháil Iarnróid agus aistriú a feidhmeanna chuig ÚBN de réir Acht na mBóithre, 2015.
Is é príomhsheoladh BIÉ, Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10, Éire.
Easytrip has been contracted to provide a centralised Disability Tolling Exemption Scheme service on behalf of TII. In connection with the operation and administration of the Scheme, Easytrip operates the DTES website relevant to this Disability Tolling Exemption Scheme.
In connection with its processing of personal data in connection with the operation of this website and the administration of the Disability Tolling Exemption Scheme, Easytrip acts as a processor, which processes personal data on behalf of TII.
TII is the controller of personal data collected and processed in connection with the operation and administration of the Disability Tolling Exemption Scheme, including via this website.
Tá conradh déanta le Easytrip chun seirbhís láraithe den Scéim um Dhíolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas a sholáthar thar ceann BIÉ. I dtaca le hoibriú agus riar na Scéime, oibríonn Easytrip suíomh gréasáin DTES a bhaineann leis an Scéim seo um Dhíolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas.
I dtaca lena phróiseáil sonraí pearsanta i ndáil le hoibriú an tsuímh gréasáin seo agus riar na Scéime um Dhíolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas, gníomhaíonn Easytrip mar phróiseálaí, a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann BIÉ.
Is é BIÉ rialaitheoir na sonraí pearsanta a bhailítear agus a phróiseáiltear i ndáil le hoibriú agus riar na Scéime um Dhíolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas, lena n-áirítear tríd an suíomh gréasáin seo.
Is é cuspóir an fhógra seo maidir le cosaint sonraí tú a chur ar an eolas faoi na sonraí pearsanta a bhaineann leat a bhailítear agus a phróiseáiltear i ndáil le hoibriú na Scéime um Dhíolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas. Áirítear leis sin nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh gréasáin seo, nuair a chuireann tú iarratas isteach agus/nó nuair a tharraingíonn tú fiosrúchán anuas etc. (lena n-áirítear tríd an suíomh gréasáin seo) i ndáil leis an Scéim um Dhíolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas.
Urramaímid go hiomlán do cheart chun príobháideachta agus táimid tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint. Déantar aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i ndáil leis an Scéim um Dhíolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas a phróiseáil i gcomhréir leis an dlí cosanta sonraí is infheidhme.
Teagmháil a Dhéanamh Linn
Má tá aon cheist agat faoin úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, déan teagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí:
DTES f/ch Easytrip Services Ireland Ltd
EA House
Páirc Thionsclaíoch Bhaile Dama
Mullach Eadrad
Baile Átha Cliath 15
D15 XWR3
Teil: +1800 11 55 00
Ríomhphost: dataprotection@dtes.ie
Is tagairtí do (i) Easytrip ag gníomhú thar ceann BIÉ nó (ii) BIÉ féin iad na tagairtí do “muid”, “ár” nó “linn” sa ráiteas príobháideachais seo.
Bailímid agus próiseálaimid na sonraí pearsanta seo a leanas i ndáil leis an Scéim um Dhíolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas. Bailítear sonraí den sórt sin den chuid is mó nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh gréasáin seo, cé gur féidir iarratais i ndáil leis an Scéim a chur isteach de láimh freisin.
| Catagóir sonraí pearsanta | Cur Síos |
|---|---|
| Sonraí gréasáin | • Seoladh IP • Cineál brabhsálaí • Fad seisiún úsáideora |
| Foirm Iarratais (Diosca Scéime) | • Ainm • Uimhir ghutháin • Seoladh ríomhphoist • Seoladh baile • Faisnéis a bhaineann le cáiliú do Scéim Faoisimh Cánach Tiománaithe agus Paisinéirí faoi Mhíchumas na gCoimisinéirí Ioncaim (e.g. Deimhniú Clárúcháin Feithicle) • Faisnéis a bhaineann le cáiliú feithiclí atá cláraithe i dTuaisceart Éireann don Scéim um Dhíolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas (e.g. deimhniú ó Motability NI) |
| Sonraí Déan Teagmháil Linn | • Ainm • Uimhir ghutháin • Seoladh ríomhphoist • Trácht nó gearán ó chustaiméirí • Uimhir chlárúcháin na feithicle |
| Foirm Athnuachana | • Ainm • Uimhir ghutháin • Seoladh ríomhphoist • Seoladh baile • Deimhniú clárúcháin na feithicle • Uimhir diosca atá ann cheana |
| Foirm Achomhairc | • Ainm • Uimhir ghutháin • Seoladh ríomhphoist • Seoladh baile • Deimhniú clárúcháin na feithicle • Uimhir diosca atá ann cheana • Mionsonraí an achomhairc |
De ghnáth, na sonraí pearsanta a bhaineann leat atá inár seilbh, bailítear go díreach uait féin iad (e.g. nuair a dhéanann tú teagmháil linn agus/nó nuair a chuireann tú foirmeacha iarratais isteach srl.). Chomh maith le faisnéis a bhailiú uait go díreach, féadfaimid faisnéis fút féin agus faoi d’fheithicil a fháil nó a bhailiú trí Motorcheck ón gComhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe. Is é seo an cás nuair a bheidh d’iarratas ar dhiosca Scéime á bhreithniú againn.
Ina theannta sin, féadfaimid faisnéis fút a bhailiú ó na foinsí tríú páirtí seo a leanas freisin:
- Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann agus Cumann Tiománaithe faoi Mhíchumas (e.g. i gcás ina n‑údaraíonn tú ceachtar den dá eagraíocht sin iarratas a chur isteach ar Dhiosca Scéime thar do cheann);
- Cuideachtaí dolaí agus an Soláthraí Seirbhíse Bainistíochta Idir-inoibritheachta;
Bunúis dlí
Déanaimid féin agus soláthraithe seirbhíse tríú páirtí atá ag gníomhú thar ár gceann na sonraí pearsanta a thuairiscítear thuas a phróiseáil. Is iad seo a leanas na bunúis dlí ar a mbailímid, a bpróiseálaimid agus a n‑aistreoimid do shonraí pearsanta chun na gcríoch sin:
- i gcás ina bhfuil an phróiseáil sin riachtanach chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh ar mhaithe le leas an phobail agus/nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe do BIÉ (“Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil”);
- do thoiliú (“Toiliú”), i gcás ina bhfuil sé sin amhlaidh iarrfar ort léiriú dearfach a thabhairt ar an toiliú sin; agus
- i gcás ina ndéantar catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil (e.g. sonraí sláinte/míchumais, go bhfuil an phróiseáil riachtanach ar chúiseanna leasa phoiblí shubstaintiúil agus ar bhonn dhlí na hÉireann, i.e. Acht na mBóithre, 1993 arna leasú (“Leas Poiblí Substaintiúil/Údarás Oifigiúil”)
Cuspóir na nGníomhaíochtaí Próiseála agus an Bunús Dlí Gaolmhar
Próiseáiltear sonraí pearsanta chun:
| Cuspóirí | Catagóirí sonraí pearsanta | Bunúis dlí |
|---|---|---|
| Chun iarratais a bhreithniú agus freagairt dóibh agus, más iomchuí, diosca Scéime a sholáthar duit faoin Scéim um Dhíolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas, lena n-áirítear a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil tú i dteideal Diosca Scéime. | Foirm Iarratais (Diosca Scéime) | Leas an Phobail / Údarás Oifigiúil de bhun Acht na mBóithre, 1993 (arna leasú) |
| Chun freagra a thabhairt ar cheisteanna agus gearáin ó bhaill den phobal. | Sonraí Déan Teagmháil Linn | Leas an Phobail / Údarás Oifigiúil de bhun Acht na mBóithre, 1993 (arna leasú) |
| Chun freagra a thabhairt ar cheisteanna athnuachana agus achomhairc ó bhaill den phobal. | Sonraí na Foirme Athnuachana agus na Foirme Achomhairc | Leas an Phobail / Údarás Oifigiúil de bhun Acht na mBóithre, 1993 (arna leasú) |
I dtaca le hiarratais, athnuachan nó achomhairc, féadfaimid catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil (e.g. sonraí sláinte/míchumais). I gcúinsí den sórt sin, is é an coinníoll a mbraithimid air chun na sonraí sin a phróiseáil ná Leas Poiblí Substaintiúil/Údarás Oifigiúil de bhun Acht na mBóithre, 1993 arna leasú.
Nochtadh Sonraí/Faighteoirí Sonraí
I dtaca le riar na Scéime um Dhíolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas, lena n-áirítear oibriú an tsuímh gréasáin seo, is iad seo a leanas príomhfhaighteoirí na sonraí pearsanta a phróiseálann BIÉ:
| Faighteoirí Sonraí Pearsanta | Cuspóirí na Próiseála |
|---|---|
| Easytrip | An suíomh gréasáin a bhainistiú agus an Scéim um Dhíolúine ó Dholaí do Dhaoine faoi Mhíchumas a riar thar ceann BIÉ. |
| Muirearóirí Dola (oibreoirí bóithre dola) | Chun a chinntiú gur féidir le sealbhóirí Dioscaí Scéime leas a bhaint as taisteal saor ó tháille. |
| An Soláthraí Seirbhísí Bainistíochta Idir-inoibritheachta (a chuidíonn lena chinntiú gur féidir dioscaí/clibeanna a úsáid ar bhóithre dola éagsúla) | Chun a chinntiú gur féidir le sealbhóirí Dioscaí Scéime leas a bhaint as taisteal saor ó tháille. |
| Amazon Web Services (AWS) mar sholáthraí seirbhíse don Oibreoir Scéime, Easytrip | Stórálann AWS sonraí a bhaineann leis an Scéim thar ceann Easytrip. |
Féadfaimid sonraí a thuairiscítear sa chuid “Bailiú agus Úsáid Faisnéise Pearsanta” thuas a nochtadh d’eagraíochtaí eile i ndáil leis na cuspóirí thuas, sna cúinsí seo a leanas:
- Féadfaimid sonraí a roinnt lenár ngníomhairí agus lenár gconraitheoirí a mhéid is gá go réasúnta chun na gcríoch a thuairiscítear thuas.
- I gcás athstruchtúrú ár n-eagraíochta, féadfaimid do shonraí a nochtadh d’aon tríú páirtí a ghlacann cuid d’fheidhmeanna BIÉ nó iad uile air féin.
- I gcás ina bhfuil dualgas orainn sonraí pearsanta a nochtadh nó a roinnt chun aon oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, nó chun cearta, maoin nó sábháilteacht BIÉ, ár gcustaiméirí nó daoine eile a chosaint.
- I gcás ina gceadaítear dúinn a mhalairt de réir dlí.
Fianáin
Féadfaimid faisnéis staitistiúil agus faisnéis anailíseach eile a bhailiú ar bhonn comhiomlán ó chuairteoirí ar shuíomh gréasáin DTES. Áirítear leis sin faisnéis dhéimeagrafach, mar shampla, maidir le seoltaí IP úsáideoirí, cineálacha brabhsálaithe agus sonraí staitistiúla anaithnide eile a bhaineann le húsáid ár suíomh gréasáin. Chun eolas a fháil faoi na fianáin a úsáidimid chun cuid den fhaisnéis seo a bhailiú, féach ár mbeartas fianán anseo.
Slándáil
Tá bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí glactha ag BIÉ agus Easytrip, thar ceann BIÉ, chun d’fhaisnéis a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus ar phróiseáil neamhdhleathach, caillteanas de thaisme, scriosadh nó damáiste.
Ár ngníomhairí eile nó soláthraithe seirbhíse tríú páirtí a phróiseálann do shonraí, cinnteoimid go bhfuil sé de dhualgas orthusan freisin do shonraí a choinneáil slán sábháilte.
B’fhéidir go dtabharfá faoi deara, áfach, nach féidir a ráthú go bhfuil aon tarchur sonraí ar an idirlíon 100% slán.
Do Chearta
Tá na cearta seo a leanas agat, i gcúinsí áirithe, maidir le do shonraí pearsanta:
- An ceart chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta – Tá sé de cheart agat cóip de na sonraí pearsanta atá againn fút a iarraidh, mar aon le faisnéis eile faoin gcaoi a bpróiseálaimid na sonraí pearsanta sin;
- An ceart chun a iarraidh go ndéanfar do shonraí pearsanta a cheartú – Tá sé de cheart agat a iarraidh go ndéanfar aon sonraí míchruinne atá againn fút a cheartú, nó má tá faisnéis neamhiomlán againn féadfaidh tú a iarraidh orainn an fhaisnéis a nuashonrú sa chaoi is go mbeidh sí iomlán;
- An ceart chun scriosadh do shonraí pearsanta a iarraidh – Tá sé de cheart agat iarraidh orainn sonraí pearsanta atá againn fút a scriosadh. Tugtar an ceart go ligfí i ndearmad air sin uaireanta –
- An ceart chun úsáid do shonraí pearsanta a shrianadh – Tá sé de cheart agat a iarraidh nach bpróiseálfaimid do shonraí pearsanta a thuilleadh chun críoch áirithe;
- An ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta – Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne ár bpróiseála ar do shonraí pearsanta chun críoch áirithe;
- An ceart chun iniomparthacht sonraí – Tá sé de cheart agat do shonraí pearsanta, a chuir tú féin ar fáil dúinn, a fháil i bhformáid struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín nó a cheangal orainn na sonraí sin a aistriú chuig rialaitheoir eile; agus
- i gcás ina bhfuil ár bpróiseáil ar do shonraí pearsanta bunaithe ar thoiliú a bheith tugtha agat (e.g. aon toiliú a tugadh maidir le húsáid catagóirí áirithe fianán), tá an ceart agat do thoiliú leis an bpróiseáil a tharraingt siar tráth ar bith.
Tabhair faoi deara nach bhfuil na cearta sin daingean agus go bhfuil siad faoi réir srianta agus díolúintí áirithe. Mar shampla, ní bheidh feidhm ag an gceart chun sonraí pearsanta a scriosadh i gcás ina bhfuil cúis dhlisteanach againn leanúint de na sonraí sin a choinneáil agus féadfaimid leanúint de do shonraí pearsanta a phróiseáil, in ainneoin agóid uait, i gcás ina bhfuil forais dhlisteanacha láidre againn leis an bpróiseáil a sháraíonn do leasanna, do chearta agus do shaoirsí.
Chun aon cheann de na cearta atá leagtha amach thuas a fheidhmiú, déan teagmháil linn ag baint úsáid as na sonraí teagmhála thuas.
Coinneáil
Ní choinneoimid do shonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun na críocha ar bhailíomar chucu iad a chomhlíonadh, lena n‑áirítear chun aon cheanglais dhlíthiúla, chuntasaíochta nó tuairiscithe a chomhlíonadh.
Bíonn ár dtréimhsí coinneála éagsúil ag brath ar an gcineál catagóirí sonraí pearsanta atá á gcoinneáil. Chun an tréimhse choinneála chuí le haghaidh sonraí pearsanta a chinneadh, breithnímid méid, cineál agus íogaireacht na sonraí pearsanta, an riosca féideartha díobhála ó úsáid nó nochtadh neamhúdaraithe do shonraí pearsanta, na críocha a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta chucu agus cé acu is féidir nó nach féidir linn na cuspóirí sin a bhaint amach trí mhodhanna eile, agus na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme.
Go ginearálta, coinnítear sonraí Diosca Scéime ar feadh tréimhse trí bliana ó cibé dáta is déanaí as (i) dáta d’iarratais ar Dhiosca Scéime nó (ii) an dáta a eiseofar an Diosca Scéime. Tá sé sin chun freastal ar (i) an tréimhse bhailíochta dhá bhliain don diosca agus (ii) bliain bhreise chun athnuachan agus freagairt fiosrúcháin a éascú d’úsáideoirí na Scéime mura ndearna siad iarratas arís ar dhiosca Scéime laistigh den tréimhse dhá bhliain a raibh an diosca Scéime atá ann cheana bailí lena linn).
Aistrithe thar lear
I dtaca leis na gníomhaíochtaí próiseála thuas, féadfaimid do shonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, lena n‑áirítear chuig dlínse nach n‑aithníonn an Coimisiún Eorpach mar dhlínse ina soláthraítear leibhéal coibhéiseach cosanta do shonraí pearsanta agus atá foráilte san Aontas Eorpach. Má dhéanaimid amhlaidh agus a mhéid a dhéanaimid amhlaidh, cinnteoimid go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm chun a oibleagáidí faoin dlí is infheidhme lena rialaítear aistrithe den sórt sin a chomhlíonadh.
Faoi láthair, is i ndáil leis an úsáid a bhainimid as Google Analytics amháin a tharlaíonn an t‑aistriú lasmuigh den Limistéar Eacnamaíoch Eorpach. Is seirbhís anailíse gréasáin é Google Analytics a chuireann Google ar fáil a rianaíonn agus a thuairiscíonn trácht gréasáin. Aistrítear sonraí a bhailítear i ndáil leis an tseirbhís sin chuig na Stáit Aontaithe. Cinntímid go ndéantar an t‑aistriú sin i gcomhréir lenár n‑oibleagáidí faoin dlí is infheidhme lena rialaítear aistrithe den sórt sin trína chinntiú go bhfuil conradh ann lena rialaítear an t‑aistriú ina bhfuil na ‘clásail chonarthacha chaighdeánacha’ atá ceadaithe chun na críche sin ag an gCoimisiún Eorpach. Tá tuilleadh sonraí faoi na bearta atá déanta againn ina leith sin ar fáil ón Oifigeach Cosanta Sonraí ag baint úsáid as na sonraí teagmhála thuas.
Athruithe/Nuashonruithe ar an bhFógra seo Maidir le Cosaint Sonraí
Ó am go ham, b’fhéidir go mbeadh orainn ár bhfógra cosanta sonraí agus ár ráiteas príobháideachais don suíomh gréasáin a nuashonrú nó a leasú, ach foilseofar aon athruithe ar an leathanach seo chun tú a choinneáil ar an eolas faoin gcaoi a mbailímid, a n‑úsáidimid agus a nochtaimid faisnéis.
Má chinnimid tráth ar bith sonraí pearsanta a úsáid ar bhealach atá an-difriúil ón méid a luaitear san fhógra cosanta sonraí seo agus sa ráiteas príobháideachais don suíomh gréasáin nó a nochtadh duit ar shlí eile tráth a bailíodh iad, cuirfimid ar an eolas thú, agus beidh an rogha agat i dtaobh cé acu a úsáidfimid d’fhaisnéis ar an mbealach nua nó nach n-úsáidfimid.
Ceisteanna agus Gearáin
Má tá aon cheist nó gearán agat faoin úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, déan teagmháil linn ag baint úsáid as na sonraí teagmhála seo a leanas:
- tríd an bpost: Oifigeach Cosanta Sonraí, Bonneagar Iompair Éireann, Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10
- ar an nguthán: +353 1 646 3600
- ar ríomhphost: dataprotection@tii.ie
Is féidir tuilleadh eolais faoi chosaint sonraí a fháil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí: www.dataprotection.ie
Tá sé de cheart agat freisin gearán a thaisceadh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi ar úsáideadh d’fhaisnéis nó ar tugadh aghaidh ar do chearta. Is féidir sonraí faoi conas gearán a thaisceadh a fháil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí.